Snáithe: Éisteacht
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach neamhfhoirmiúil mar ghnáththeanga chumarsáide an ranga agus na scoile
- éisteacht le cuairteoirí chuig an rang
ag insint scéalta
ag caint faoin gceantar
- éisteacht gan bhrú le hábhar tarraingteach
dánta, rabhlóga, scéalta agus amhráin
ábhar dúchasach (ón gceantar áitiúil
Gaeltachta)
- éisteacht le guthanna eile chomh maith leis an múinteoir agus iad a thuiscint
cláir oiriúnacha ar TG4 agus RTÉ
cartúin, sceitsí, drámaí
clár cócaireachta
míreanna as cláir eolais
téipeanna éisteachta agus dlúthcheirníní
amhráin, rainn, scéalta
- rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar éisteachta.
Snáithaonad: Ag tuiscint teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cumas agus muinín
- éisteacht go muiníneach agus an chaint a thuiscint le cabhair ó leideanna éagsúla agus ón gcomhthéacs
geáitsí
na súile, an aghaidh
béim, tuin na cainte
guthanna difriúla a chloisteáil
spraoi le buille faoi thuairim faoin saghas
daoine iad
- canúintí ceantar éagsúil a aithint
- cluichí éisteachta a imirt
éisteacht agus taispeáint
éisteacht agus aimsiú
áit a aimsiú ar léarscáil na hÉireann
aimsigh na difríochtaí idir dhá phictiúr
éisteacht agus meaitseáil
bingo—uatha agus iolra a cheangal
éisteacht agus mím a dhéanamh
éisteacht le sraith fuaimeanna agus scéal a
insint
éisteacht agus tomhas
tráth na gceist
- páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éisteachta a léiríonn tuiscint
éisteacht agus aithint
duine a aithint i bpictiúr ó chur síos
taifeadta
éisteacht agus clárú eolais le tic i mbosca
an aimsir—fuar nó te, tirim nó fliuch
éisteacht agus breacadh nóta
éisteacht agus leanúint treoracha
gearr, greamaigh, fuaigh, tarraing
‘Déan iarracht é seo a ghreamú.’
gluaiseacht le ceol
‘Ardaígí na guaillí, íslígí na huillinneacha.’
- taithí a fháil ar éisteacht aireach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh bunaithe ar cheist a chuirtear
réamhcheisteanna, ceisteanna le linn
éisteachta, iarcheisteanna
- éisteacht le foghraíocht cheart i gcleachtaí struchtúrtha nó i ndánta agus in amhráin
idirdhealú a dhéanamh idir fhuaimeanna na
Gaeilge agus fuaimeanna an Bhéarla
consain loma, shéimhithe, uraithe
gutaí fada agus gearra
fuaimeanna canúna áirithe a chloisteáil go
rialta
Samhlaíocht agus mothúcháin
- taitneamh a bhaint as rithim agus as fuaimeanna dánta agus amhrán
cnaguirlisí, damhsa mar fhreagra ar an gceol
- éisteacht le treoracha ón múinteoir chun na mothúcháin agus na céadfaí a léiriú le mím nó le pictiúir
áthas, brón, fearg, eagla, sásamh, míshásamh
fuar, te, glór ard, garbh, binn nó íseal, crua,
bog
- éisteacht leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna cultúrtha
féile drámaíochta scoile nó ceantair
freastal ar sceitsí agus ar dhrámaí Gaeilge
scéalta gearra béaloidis ón gceantar
cora cainte, samhlacha dúchasacha
Oíche Shamhna: cloisteáil faoi nósanna sean
agus nua.
Snáithe: Labhairt
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- an Ghaeilge a labhairt go teagmhasach neamhfhoirmiúil sa seomra ranga agus sa scoil chun gnáthriachtanais chumarsáide a chomhlíonadh
caidreamh sóisialta a dhéanamh
cabhair a lorg
‘Céard is brí le …?’
- plé ag leibhéal simplí faoi ghnéithe d’fheasacht teanga
comparáid a dhéanamh idir na canúintí
Gaeilge, Gaelainn, Gaeilig
cha raibh = ní raibh, bhíos = bhí mé
ainmneacha cuid de thíortha na hEorpa as
Gaeilge
na cosúlachtaí a fheiceáil
focail iasachta sa Ghaeilge, na fáthanna a
phlé
bicycle, factory, fridge, tap, sink,
carr, diosca, teileafón, teilifís
- an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacsanna cultúrtha
samhlacha a úsáid i gcomhthéacs
‘Bhí an oíche chomh dubh le pic’
seanfhocail a úsáid agus a saíocht a phlé
Oíche Shamhna
cluichí
cora cainte
logainmneacha na háite agus na tíre
baile, sráid, béal, áth, eas, loch, tulach
- rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar cainte.
Is féidir spéis na bpáistí a chothú freisin trí dhánta, amhráin, sceitsí agus drámaí. Féach Ag úsáid teanga: Samhlaíocht agus mothúcháin thíos.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cumas agus muinín
- úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh
- nuacht shimplí phearsanta a thabhairt
labhairt faoi/fúithi féin a c(h)aitheamh
aimsire agus a g(h)náthshaol laethúil
- scéalta gearra simplí a aithris, a athinsint ina f(h)ocail féin nó a chríochnú agus ceisteanna fúthu a fhreagairt
- sainfhoclóir na dtéamaí a leathnú agus a úsáid
le cabhair póstaer agus pictiúr
cur síos nó tuairisc ar rudaí, ar dhaoine,
agus ar phearsantachtaí
- ábhair shuimiúla a phlé le daoine eile, éisteacht leo le meas ar a dtuairimí
dearcadh a léiriú
aontú agus easaontú
tacaíocht a léiriú
- cluichí teanga a imirt
cluichí beirte agus i ngrúpa ag roinnt eolais
forlíonadh pictiúir trí eolas a fháil
meaitseáil—ceisteanna a chur agus eolas a
fháil chun péire pictiúr a mheaitseáil
léarscáil bhán a líonadh ó leideanna
páiste amháin ag tabhairt treoracha
tomhas traidisiúnta
cur síos ar rud éigin agus páiste ag tomhas
- suirbhéanna a dhéanamh agus tuairiscí a thabhairt
‘Cén deoch is mó a ólann tú, uisce nó
bainne?’
‘Cén aois thú?’
- caint faoi rudaí a tharla, a tharlaíonn, atá ar siúl agus a tharlóidh
bhris sé, d’éirigh sí, tháinig mé
briseann sí, éiríonn sé, tagann tú
ag briseadh, ag éirí, ag teacht
brisfidh sí, éireoidh tú, tiocfaidh siad
- treoracha agus orduithe a thabhairt ar bhealaí éagsúla
seas, seasaigí, ná seasaigí ansin!
‘An féidir leat an fhuinneog a dhúnadh?’
- ceisteanna a chur agus a fhreagairt
An bhfaca? Chonaic. Ní fhaca.
Ar ith? D’ith. Níor ith.
Conas?/Cén chaoi?/Cén dóigh?
Cathain?
Cén fáth?/Cad chuige?
Ar mhaith leat milseán? Ba mhaith/Níor
mhaith.
- réamhfhocail agus forainmneacha réamhfhoclacha a úsáid i gcomhthéacsanna difriúla
ar, i, faoi, idir, ag, ó, do, de, le
agam, fúm, di, roimhe, uaidh, linn, agaibh,
leo, acu
- ainmfhocail agus focail cháilitheacha a úsáid
an seanfhear bocht cromtha
na cailíní óga, na buachaillí lúfara
Shiúil mé go tapa.
Tá Pól níos óige ná Máire.
- an aidiacht shealbhach a úsáid
mo, do, a (le agus gan séimhiú).
- uimhreacha a úsáid i gcomhthéacs
bunuimhreacha
uimhreacha pearsanta
orduimhreacha
- úsáid a bhaint as ‘isteach’, ‘istigh’, ‘amach’, ‘amuigh’ i gcomhthéacsanna éagsúla
cluichí páirce
- páirt a ghlacadh i gcleachtaí foghraíochta agus litrithe i gcomhthéacs
Samhlaíocht agus mothúcháin
- caint faoi mhothúcháin agus faoi mhianta
- dánta a rá
rainn dhúchasacha
dánta nuachumtha spraíúla
- amhráin aeracha le rithim chinnte a chanadh
amhráin dhúchasacha agus nuachumtha
lúibíní
- páirt a ghlacadh i sceitsí agus i ndrámaí don stáitse
bunaithe ar na scéalta a insíodh
- plé a dhéanamh ar eachtraí suimiúla agus ar phearsana i scéalta, dánta agus drámaí
- páirt a ghlacadh i rólghlacadh agus seiftiú i suímh éagsúla
fadhb le réiteach ag an ngrúpa, ach a ról féin
ar chárta ag gach duine
- súgradh le focail
focail neamhchoitianta a chloisteáil agus a rá
rainn agus amhráin ina bhfuil curfá gan bhrí
rabhlóga agus seafóid dhúchasach.
Snáithe: Léitheoireacht
Snáithaonad: Ag cothú fonn léitheoireachta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- léitheoireacht a shamhlú le taitneamh trí éisteacht le scéalta agus le dánta tarraingteacha á léamh os ard ag an múinteoir
- a thuilleadh taithí a fháil ar an bhfocal scríofa sa timpeallacht, go háirithe sa seomra ranga agus é a léamh go tuisceanach
fógraí sa seomra ranga, sa scoil, sa bhanc, in
oifig an phoist
scríbhneoireacht ar an gclár dubh
- teacht ar réimse d’ábhar léitheoireachta sa leabharlann ranga nó scoile
páipéir ghrinn, irisí, leabhair eolais
finscéalta, scéalta béaloidis áitiúla
dánta nuachumtha agus áitiúla
rainn dhúchasacha
- léitheoireacht phearsanta a dhéanamh agus claonadh pearsanta a fhorbairt
- rogha a dhéanamh faoin ábhar léitheoireachta.
Snáithaonad: Ag tuiscint teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- a thuiscint gur gníomhaíocht í an léitheoireacht ar féidir í a roinnt le daoine eile
léamh os ard chun téacs a roinnt le lucht
éisteachta
a s(h)aothar féin agus saothar páistí eile a
léamh
eolas a aimsiú agus é a roinnt le daoine eile
glacadh le moltaí ó dhaoine eile
- stór níos leithne de ghnáthfhocail inaitheanta a chur le chéile i bhfoclóir beag de bharr na léitheoireachta pearsanta
- an téarmaíocht a bhaineann le leabhair a thuiscint agus a úsáid
caibidil, alt, clár, réamhrá
- focail a aithint nó a léamh i dtéacs trí leideanna ó phictiúir, ón gcomhthéacs agus ón gcomhréir
- úsáid a bhaint as comharthaí poncaíochta mar áiseanna tuisceana
na ceannlitreacha, an lánstad, an chamóg,
an comhartha ceiste
- a t(h)uiscint i leith fuaimeanna na Gaeilge agus na litreacha a chomhfhreagraíonn dóibh a fhorbairt a thuilleadh
cnuaschonsain ag tús focal
sm- smólach, smaointe
sn- sneachta, snas
cn-, tn-, gn- cnoc, tnúth, gnáth
st- stór, stiúir
túschonsain (caol agus leathan)
p- pioc, poc
b- bí, buí
m- mín, maoin
gutaí (gearr agus fada)
a paiste, páiste
e fear, féar
i ciste, císte
o coiste, cóiste
u bus, tús
défhoghair
/ai/ adharc, gadhar
/au/ gabhar, ramhar
- foghlaim faoin séimhiú agus faoin urú trí shamplaí i gcomhthéacs
th agus sh = /h/, ph = /f/
mh agus bh = /v/ nó /w/
- focail a léamh trína mbriseadh i siollaí
com/por/dach, garr/aí/o/dóir, tais/peáint
- focail a aithint trí dhul ar ais chuig fréamhacha focal agus tógáil ar na fréamhacha sin
siopadóir/eacht, ól/ann, rith/fidh, bríst/í
- a bhfuil á léamh aige/aici a thuiscint
an t-ábhar a phlé
ceisteanna a chur agus a fhreagairt
sonraí agus eachtraí ar leith a thabhairt chun
cuimhne
an chéad chuid eile den scéal nó an deireadh
a thuar.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cumas agus muinín
- tabhairt faoi phíosa léitheoireachta go muiníneach, gan gá gach focal a thuiscint
- taitneamh agus sásamh a bhaint as leabhar gearr a léamh in aon seisiún amháin
- cluichí léitheoireachta a imirt
léamh agus leanúint treoracha
cluichí boird
léamh agus tarraingt pictiúr
léamh agus mím a dhéanamh
léamh agus tomhas
- gníomhaíochtaí léitheoireachta a dhéanamh chun léitheoireacht fheidhmiúil a chleachtadh
léamh agus insint
rólghlacadh a bhunú ar ábhar
léitheoireachta
léamh agus clárú eolais
greille a líonadh
ceisteanna a léamh i gceistiúchán
- cineálacha éagsúla téacs a léamh go tuisceanach
cartúin, páipéir ghrinn, scéalta, dánta
leabhair eolais, sceideal teilifíse, biachláir
- stíleanna éagsúla léitheoireachta a chleachtadh de réir mar a oireann dá c(h)uspóir léitheoireachta
gnáthstíl léitheoireachta
súil thapa chun an téacs a aithint
spléachadh chun eolas faoi leith a aimsiú
- féincheartú botúin léitheoireachta nuair is léir nach bhfuil ciall le baint as an rud atá léite
- foclóir simplí a úsáid
- na scileanna a bhaineann le láimhseáil leabhar agus scileanna aimsithe eolais a fhorbairt
an teideal, an pictiúr ar an gclúdach a scrúdú
ord aibítre, ceannlíne, an clár, léaráidí, ábhar
an leabhair a scrúdú
- úsáid a bhaint as teicneolaíocht an eolais mar fhoinse léitheoireachta de réir mar a oireann
cluichí léitheoireachta don ríomhaire
scéalta idirghníomhacha don ríomhaire
ábhar matamaitice a léamh ar chláir ríomhaire
ábhair spéise a fhiosrú agus a fhorbairt a
thuilleadh agus léargas nua a fháil trí mheán
na léitheoireachta
scimeáil ar an idirlíon chun ábhar Gaeilge a
léamh
Samhlaíocht agus mothúcháin
- réimse níos leithne d’ábhar samhlaíoch a léamh
síscéalta, finscéalta, scéalta grinn
- ábhair spéise a fhiosrú agus a fhorbairt trí mheán na léitheoireachta
- freagairt do dhánta, do phearsana agus d’eachtraí i scéalta
plé a dhéanamh
ceisteanna a chur agus a fhreagairt
rólghlacadh
scríbhneoireacht
gníomhaíochtaí ealaíne
- léamh i gcomhthéacsanna cultúrtha
ceolchoirm, dráma, sorcas
focail na n-amhrán
scéalta simplí béaloidis
seanchas, piseoga.
Snáithe: Scríbhneoireacht
Snáithaonad: Ag cothú fonn scríbhneoireachta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- taitneamh agus sásamh a bhaint as gníomhaíochtaí oiriúnacha scríbhneoireachta a chothaíonn féinmhuinín
- taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa agus a chuireann luach ar dhea-iarrachtaí scríbhneoireachta
saothar na bpáistí á léamh os ard
obair ar taispeáint: póstaeir, ailt
bailiúcháin de shaothair phearsanta
nuachtán ranga, tionscadail
- aischothú dearfach a fháil
ón múinteoir, ó na páistí eile, ó chuairteoirí
dea-iarrachtaí á n-aithint
obair phearsanta an pháiste ar taispeáint
- an múinteoir a fheiceáil ag scríobh agus ag baint sásaimh as
- rogha a dhéanamh faoi ábhar na scríbhneoireachta.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cumas agus muinín
- scríobh do léitheoirí nó d’éisteoirí éagsúla
é/í féin, an múinteoir, páistí eile, an
teaghlach, cuairteoirí
- cluichí taitneamhacha focal a imirt
tóirfhocal, crosfhocail shimplí
- liosta focal a scríobh
biachláir, liosta siopadóireachta, comhábhair
- abairtí a chur san ord ceart chun scéal leanúnach a scríobh
- creatlacha réamhcheaptha a iomlánú chun scéal simplí a scríobh
- scríbhneoireacht fheidhmiúil a chleachtadh ag forlíonadh ábhair dhílis
cárta poist, litir ghearr, teachtaireacht, nóta
- pictiúir a úsáid mar spreagthaigh don scríbhneoireacht
- scéalta simplí a chríochnú agus a chumadh, agus ceisteanna fúthu a fhreagairt
- feabhas a chur ar iarrachtaí pearsanta trí athdhréachtú le cabhair ón múinteoir
ullmhúchán, dréachtú, léamh, athdhréachtú,
athscríobh
eagarthóireacht le cabhair an ríomhaire
phearsanta
- comhoibriú le páistí eile
suirbhéanna a chumadh agus freagraí a
scríobh
crosfhocail do ranganna eile
tuairiscí a scríobh
treoracha faoi conas a oibríonn rud éigin
- úsáid a bhaint as cláir réamhullmhaithe don ríomhaire
scéalta a chríochnú
eachtraí a chumadh agus a scríobh
pictiúir a chur in ord agus scéal a scríobh
- dea-nósanna poncaíochta a fhoghlaim agus a úsáid
na ceannlitreacha, an lánstad, an chamóg,
an comhartha ceiste
- tabhairt faoi fhocail a litriú go muiníneach
buille faoi thuairim a thabhairt
patrúin chomónta litrithe a fhoghlaim
focail choitianta a mbíonn gá leo go rialta a
fhoghlaim
- an foclóir a úsáid chun cabhrú le litriú
Samhlaíocht agus mothúcháin
- scríobh faoi/fúithi féin go rialta
an gnáthshaol laethúil
ábhair atá spéisiúil do pháistí
caitheamh aimsire
rudaí taitneamhacha a tharla
rudaí greannmhara a tharla
rudaí a chuir as dó/di
rudaí a chuir eagla air/uirthi
- alt gearr a scríobh faoi ábhar léitheoireachta a thaitin leis/léi
- mothúcháin a léiriú trí mheán na scríbhneoireachta
áthas, brón, eagla, fearg, díomá, ionadh, bród
- scríobh faoi eispéiris chéadfacha
ocras, tart, fuacht, teas, blas, boladh
- scríobh i gcomhthéacsanna cultúrtha
éisteacht le ceol agus scríobh faoi
scéal gearr béaloidis a scríobh
seanfhocail a scríobh agus a léiriú le pictiúir .