Leagan amach agus struchtúr
Tá ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim Ghaeilge leagtha amach ina shnáitheanna agus ina shnáithaonaid chun cabhrú le múinteoirí a gcuid oibre a phleanáil. Tugtar samplaí d’eispéiris foghlama sna snáithaonaid, ach is féidir cinn eile a fheileann don pháiste agus do chúinsí na scoile a roghnú freisin. Chomh maith leis na snáitheanna agus na snáithaonaid tugtar foramharc ar na feidhmeanna teanga agus ar na téamaí.
Is iad snáitheanna an churaclaim do ranganna 3 agus 4 ná Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Mar dhlúthchuid de na snáitheanna go léir tá snáithaonad dar teideal ‘Ag cothú spéise’. Ní hé atá i gceist go múinfí ceacht dar teideal ‘Ag cothú spéise’ ach go gcothófaí spéis i ngach gné de mhúineadh agus d’fhoghlaim na Gaeilge: go neamhfhoirmiúil (an úsáid a bhainfí as an nGaeilge i ngnáthchaint an lae) agus sa teagasc. Sa dá shnáithaonad eile leagtar amach gníomhaíochtaí a chothaíonn tuiscint an pháiste (‘Ag tuiscint teanga’) agus a spreagann é/í chun an Ghaeilge a úsáid (‘Ag úsáid teanga’).
Tá dlúthcheangal idir na gníomhaíochtaí a luaitear sna snáithaonaid, na feidhmeanna teanga agus na téamaí. Baintear úsáid as na gníomhaíochtaí sin chun na heiseamláirí a mhúineadh i gcomhthéacs na dtéamaí.
Clár cothrom éagsúil leanúnach
Ba chóir eispéiris foghlama a chur ar fáil do na páistí le go mbeidh cothromaíocht idir Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Ba chóir féachaint chuige freisin go mbeidh gníomhaíochtaí éagsúla agus tascanna oiriúnacha le déanamh ag na páistí ag an leibhéal seo. Beidh an bhéim i gcónaí ar an teanga labhartha, ar dhánta, ar amhráin le hathrá, ar scéalta, ar dhrámaí gearra, ar chluichí teanga, agus ar úsáid na Gaeilge i seiftiú ag leibhéal an-simplí. Treiseofar fuaimeanna agus patrúin na Gaeilge tríd an ábhar teagaisc agus foghlama seo.
Chun deimhin a dhéanamh den leanúnachas ó rang go rang beidh sé mar aidhm ag an múinteoir féachaint chuige nach mbeidh aon bhearnaí in eispéireas teanga an pháiste.
Cur chuige comhtháite
Cé gur snáitheanna difriúla iad Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht, déanfar iad a chomhtháthú lena chéile chomh minic agus is féidir sa cheacht. Chomh maith leis sin déanfar comhtháthú le hábhair eile anois is arís trí na téarmaí Gaeilge a úsáid, trí na páistí a mholadh agus trí threoracha a thabhairt i rith na gceachtanna. Is féidir dul céim níos faide agus an Ghaeilge a úsáid mar theanga theagaisc i snáitheanna áirithe de na hábhair eile. Tugtar cúpla smaoineamh ag bun gach snáithe chun cabhrú leis an múinteoir an comhtháthú seo a dhéanamh.