Snáithe: Éisteacht
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
go neamhfhoirmiúil
- éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach mar theanga chaidrimh agus bhainisteoireachta
sa seomra ranga agus sa scoil
sa timpeallacht, sa bhaile
sa teagasc
- éisteacht le Gaeilge, cé nach dtuigfeadh sé/sí gach focal b’fhéidir
téipeanna agus dlúthcheirníní de scéalta,
sceitsí, amhráin, dánta
físeáin de dhrámaí ar TG4
an múinteoir ag insint scéalta agus ag léamh
sceitsí agus dánta
- éisteacht leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna cultúrtha
scéalta simplí béaloidis
amhráin
tomhais
seanfhocail
- rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar éisteachta
‘Cad a dhéanfaimid anois, dán nó rabhlóg?’
Snáithaonad: Ag tuiscint teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- éisteacht leis an nGaeilge á labhairt go rialta gach lá chun nathanna cainte agus foirmlí teanga a dhaingniú
glaoch an rolla, an dáta
ainm an lae, ainm na míosa, an aimsir
- éisteacht le cainteoir(í), beo agus ar fhíseáin, agus an chaint a thuiscint le cabhair leideanna éagsúla
geáitsí
an guth
an comhthéacs
- cluichí spreagúla a éilíonn éisteacht agus tuiscint a imirt
éisteacht agus tomhas
éisteacht agus pictiúr a tharraingt
éisteacht agus mím a dhéanamh
‘Bí(gí) ag eitilt, ag snámh, ag scátáil’
cluiche bingo
le huimhreacha
aimsirí na mbriathra
- páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éisteachta a éilíonn tuiscint bhunúsach
éisteacht agus taispeáint
éisteacht agus freagairt
éisteacht agus clárú eolais le tic i mbosca
éisteacht agus breacadh nóta
- éisteacht agus leanúint treoracha
puipéad, masc, hata grinn a dhéanamh
gearr, cuir, dathaigh, tóg
‘Déan é a ghearradh nó a tharraingt!’
‘An féidir libh dhá phíosa a ghreamú?’
- oiliúint a fháil i scil na héisteachta trí úsáid a bhaint as téipeanna
réamhcheisteanna ginearálta
‘Cá bhfuil na daoine atá ag caint?’
ceisteanna le linn éisteachta
‘Cuir tic leis an bhfocal ceart.’
iarcheisteanna
‘Bhuel, céard a chuala sibh?’
- cumas géaréisteachta a fhorbairt chun na difríochtaí idir consain loma, consain shéimhithe agus consain uraithe a thabhairt faoi deara
‘Maidin inné mharaigh mé gé, bhí an scian
ró-ghéar agus ghearr mé mo mhéar.’
- éisteacht leis an múinteoir agus gníomhartha a dhéanamh a bhaineann leis na céadfaí agus na mothúcháin
glór ard, glór íseal, crua agus bog,
fearg, eagla, sásamh, míshásamh.
Comhtháthú le hábhair eile
Corpoideachas: Cluichí: ag éisteacht le treoracha: isteach, istigh, amach, amuigh
Stair: brí na bhfocal fánach Gaeilge sna ceachtanna
Tíreolaíocht: An timpeallacht dhaonna—logainmneacha simplí, mar shampla baile, caisleán, cill, dún
Ceol: Ag éisteacht agus ag freagairt: Amhráin Ghaeilge
Snáithe: Labhairt
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
go neamhfhoirmiúil
- an Ghaeilge a labhairt go teagmhasach neamhfhoirmiúil sa seomra ranga agus sa scoil
caidreamh sóisialta a dhéanamh
cumarsáid a dhéanamh ag leibhéal simplí
labhairt i gcomhthéacs bainisteoireachta
ranga
teachtaireacht a thabhairt
tuiscint agus easpa tuisceana a léiriú
sa teagasc
- dánta a aithris agus iad a phlé
- amhráin a chanadh
- páirt a ghlacadh i sceitsí agus i ndrámaí
- gnéithe d’fheasacht teanga a phlé
ainmneacha cuid de thíortha na hEorpa as
Gaeilge
na cosúlachtaí a fheiceáil
comparáid a dhéanamh idir ainmneacha
rudaí
na huimhreacha, máthair/mater,
seomra/chambre, scoil/l’école
focail idirnáisiúnta sa Ghaeilge
tacsaí, óstán, stop, bríste géine
- gnéithe den chultúr a phlé
Máirt na hInide—conas pancóga a
dhéanamh
Lá Fhéile Pádraig—conas suaitheantas a
dhéanamh
- rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar labhartha
‘Cad a dhéanfaimid anois, scéal nó cluiche teanga?’
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh
geáitsí, béim, tuin na cainte
- nuacht shimplí a thabhairt
an teaghlach, an scoil, timpeallacht na scoile
- labhairt faoi/fúithi féin, faoina g(h)náthshaol laethúil
a c(h)aitheamh aimsire
- scéalta a aithris, a athinsint ina f(h)ocail féin, ceisteanna fúthu a fhreagairt, agus codanna díobh a léiriú i rólghlacadh
- foclóir níos leithne a úsáid
cluichí foclóra
tóirfhocal, focail fhrithchiallacha
- sainfhoclóir na dtéamaí a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla
- cluichí teanga a imirt
pictiúr a fhorlíonadh ó threoracha ó bhéal
gníomhú agus labhairt
treoracha a thabhairt le cabhair léarscáile
- scéalta a chríochnú agus a chumadh
- rólghlacadh i suímh dhifriúla
bunaithe ar na deich dtéama
- cluichí a imirt chun taithí a fháil ar ghnéithe bunúsacha de ghramadach na Gaeilge
Aimsigh na difríochtaí—suíomh
Cad atá sa mhála?—ainmfhocail agus focail
cháilitheacha
Cad a rinne tú? Chuir mé ... orm,
bhain mé … díom.
- caint faoi rudaí a tharla, a tharlaíonn, atá ar siúl agus a tharlóidh
fuair mé, rinne tú, bhí sé
ní bhfuair mé, ní dhearna tú, ní raibh sé
tugann sé, éiríonn tú, faigheann sí, bím
ní thugann sé, ní éiríonn tú, ní fhaigheann sí,
ní bhím
anois:
ag teacht, ag imirt, ag scríobh
déanfaidh, ní dhéanfaidh mé, ní bheidh sé.
- treoracha agus orduithe a thabhairt
tar, tagaigí anseo, suigh síos, suígí síos
ná bí, ná bígí, ná dún, ná dúnaigí
‘An féidir leat an chathaoir a bhogadh?’
- ceisteanna a chur agus a fhreagairt
An maith leat brioscaí? Is maith. Ní maith.
Ar mhaith leat? Ba mhaith. Níor mhaith.
cé, cad, cad chuige?
- focail cháilitheacha a úsáid
an teach mór, an leabhar gearr, na daoine
bochta
Labhair sé os ard/os íseal. Rith sé go tapa.
- comparáid a dhéanamh idir rudaí
ard, níos airde, mór, níos mó, beag, níos lú
- úsáid a bhaint as
orm, liom, dom, agam
- páirt a ghlacadh i gcluichí foghraíochta agus litrithe
rabhlóga
‘Clog beag bog ag bogadh a bheag nó a mhór’
Scrabble leis na gutaí fada agus na consain shéimhithe nach bhfuil sa Bhéarla.
Comhtháthú le hábhair eile
OSPS: Mé féin agus daoine eile: Mo chairde agus daoine eile
Stair: Scéalaíocht: Scéal faoin gceantar fadó
Ceol: Ag léiriú: Amhráin Ghaeilge
Corpoideachas: Damhsaí Gaelacha: Ardaigh do chos dheas, do chos chlé. Isteach is amach faoi dhó. Beirt os comhair beirte.
Na hamharcealaíona: Péint agus dath: Péinteáil: Cur síos simplí as Gaeilge ar an obair ealaíne
Snáithe: Léitheoireacht
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- léitheoireacht a shamhlú le taitneamh trí éisteacht leis an múinteoir mar dhealéitheoir ag léamh scéalta agus dánta tarraingteacha os ard
- brí a bhaint as an bhfocal scríofa sa timpeallacht, go háirithe sa seomra ranga
lipéid, fógraí, scríbhneoireacht ar an gclár
dubh
- sracfhéachaint go minic ar réimse leathan d’ábhar léitheoireachta
scéalta nuachumtha, scéalta simplí béaloidis,
finscéalta, leabhair shimplí eolais
- tréimhsí taoiléitheoireachta a chaitheamh i gcomhair pléisiúir
pictiúrleabhair, páipéir ghrinn, irisí.
Snáithaonad: Ag tuiscint teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- a thuiscint gur gníomhaíocht chumarsáideach í an léitheoireacht ar féidir í a roinnt le daoine eile
saothar páistí eile a léamh
léamh os ard
scéalta á léamh a chloisteáil
- an téarmaíocht ar leith a bhaineann leis an léitheoireacht a chloisteáil as Gaeilge agus a thuiscint
Féachaigí ar leathanach a tríocha!
barr, lár agus bun an leathanaigh
- an téarmaíocht bhunúsach a bhaineann le leabhair a thuiscint
teideal, clúdach, leathanach, líne, focal,
lánstad, camóg
- stór níos leithne de ghnáthfhocail inléite a chur le chéile óna t(h)aithí ar théacs sa timpeallacht agus ar leabhair
- focail a aithint i dtéacs trí úsáid a bhaint as leideanna, as pictiúir, as an gcomhthéacs agus as comhréir na Gaeilge
- tuiscint níos doimhne a fháil ar chóras fuaimeanna na Gaeilge
| gutaí | |
| fada, gearr | féar, fear |
| consain | |
| leathan agus caol | poc, pioc |
| séimhiú ar thúschonsan | tóg, thóg |
| | seas, sheas |
- fuaimeanna nach bhfuil sa Bhéarla a thabhairt faoi deara
| na défhoghair /ua/ agus /ia/ | uan, bia |
| t agus d leathan | tá, dún |
| ch leathan agus caol | chas, cheann |
- focal a aithint trína bhriseadh i siollaí agus trí thógáil ar fhréamhacha focal
tráth/nóna, tae/phota, gluais/rothar
scoil/eanna, mála/í, íoc/faidh
- a bhfuil á léamh aige/aici a thuiscint
ceisteanna a chur agus a fhreagairt
an téacs a phlé
an chéad chuid eile den scéal a thuar.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- léamh i gcomhpháirt le daoine eile
páistí, an múinteoir, tuismitheoir, duine fásta
eile
- léitheoireacht fheidhmiúil a dhéanamh
treoracha a leanúint
mím, dathú, tarraingt
treoracha do chluichí boird a leanúint
puzail
- ábhar céimnithe léitheoireachta a léamh os ard agus go ciúin
- ábhar dílis a léamh ag leibhéal oiriúnach
sceideal TG4
fógraí sa scoil
comharthaí bóthair
míreanna as leabhair eolais
- taithí a fháil ar chineálacha éagsúla téacs
cartúin, páipéir ghrinn, dánta, scéalta simplí
- freagairt do phearsana agus d’eachtraí i scéal nó dán
drámaíocht
gníomhaíochtaí ealaíne
- léamh i gcomhthéacsanna cultúrtha
scéalta gearra béaloidis, rainn, dánta
dúchasacha.
Comhtháthú le hábhair eile
Tíreolaíocht: An timpeallacht dhaonna: Ainmneacha dílse agus sloinnte, logainmneacha ar chomharthaí bóthair a léamh
Eolaíocht: Eolaíocht sa timpeallacht: Téacs le pictiúir faoin teicneolaíocht sa bhaile agus ar scoil
Snáithe: Scríbhneoireacht
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- taitneamh agus sásamh a bhaint as gníomhaíochtaí oiriúnacha scríbhneoireachta
- taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa agus a chuireann luach ar dhea-iarrachtaí scríbhneoireachta
obair ar taispeáint
bailiúchán d’iarrachtaí pearsanta
scríbhneoireachta
- aischothú dearfach ar obair phearsanta a fháil
ón múinteoir, ó pháistí eile, ó chuairteoirí
- an múinteoir a fheiceáil ag scríobh agus ag baint sásaimh as
- rogha a dhéanamh faoi ábhar na gceachtanna scríbhneoireachta
‘Céard ba mhaith libh anois, puzal nó crosfhocal?’
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- scríobh do léitheoirí agus d’éisteoirí éagsúla
é/í féin, múinteoir, páistí eile, an teaghlach,
cuairteoirí
- cabhair a lorg ón múinteoir
- cluichí taitneamhacha focal a imirt
an crochadóir, crosfhocal, tóirfhocal
- cleachtaí scríbhneoireachta a dhéanamh
abairtí a iomlánú, abairtí simplí a scríobh
- abairtí le pictiúir a chur san ord ceart chun scéal simplí a scríobh
- creatlacha réamhcheaptha a chóipeáil agus a iomlánú
- focail a scríobh ó chuimhne
- scríbhneoireacht fheidhmiúil agus cumarsáid a dhéanamh
ainm i nGaeilge ar chóipleabhar, cuirí, cártaí
Gaeilge d’ócáidí speisialta, nótaí
- scríobh faoi phictiúir
frásaí, cuntais
- scéalta simplí a chríochnú
- scríobh faoi/fúithi féin agus faoina g(h)náthshaol laethúil
dialann phearsanta a choimeád
eachtraí taitneamhacha agus greannmhara
rudaí a chuir as dó/di
rudaí a chuir eagla air/uirthi
- scríobh i gcomhthéacsanna cultúrtha
scéal béaloidis a scríobh
Lá Fhéile Pádraig—cártaí chuig páistí i
scoil eile
- feabhas a chur ar a c(h)uid iarrachtaí pearsanta trí athdhréachtú
athléamh, ceartú, athscríobh, poncaíocht,
peannaireacht
- úsáid a bhaint as cláir oiriúnacha réamhullmhaithe don ríomhaire pearsanta
- poncaíocht a úsáid chun cur le soiléireacht na scríbhneoireachta
ceannlitreacha, an lánstad, an chamóg,
an comhartha ceiste
- tabhairt faoi litriú na Gaeilge go muiníneach.
Comhtháthú le hábhair eile
OSPS: Mé féin—ainm agus seoladh i nGaeilge ar chóipleabhar
Tíreolaíocht: An timpeallacht dhaonna—lipéid agus comharthaí ón timpeallacht a chóipeáil