Snáithe: Éisteacht
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach neamhfhoirmiúil mar ghnáththeanga chumarsáide an ranga agus na scoile
- éisteacht le cuairteoirí chuig an rang
gnáthchaint, teachtaireachtaí
- éisteacht gan bhrú le hábhar tarraingteach
rainn thaitneamhacha, dánta, rabhlóga
scéalta, amhráin
ábhar dúchasach (ón gceantar áitiúil
Gaeltachta)
- éisteacht le guthanna eile chomh maith leis an múinteoir agus iad a thuiscint
cláir oiriúnacha ar TG4
sceitsí nó drámaí puipéad agus cartúin
cócaireacht shimplí
ceard á dhéanamh: hata, aghaidh fidil
téipeanna éisteachta agus dlúthcheirníní
sraith fuaimeanna a ainmniú agus scéal a
insint
scéalta taifeadta a leanúint
- rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar éisteachta.
Snáithaonad: Ag tuiscint teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cumas agus muinín
- éisteacht leis an nGaeilge á labhairt i rith an lae go léir agus éisteacht le frásaí faoi leith a úsáidtear go rialta
ag teacht isteach agus ag dul amach ag am
lóin
gníomhaíochtaí á n-eagrú sa rang
cluichí teanga
grúpáil agus obair ranga
- éisteacht go muiníneach agus an chaint a thuiscint le cabhair ó leideanna éagsúla agus ón gcomhthéacs
geáitsí
na súile, an aghaidh
béim, tuin na cainte
- canúint an cheantair agus guthanna difriúla a aithint
seandaoine, buachaillí, cailíní
- cluichí éisteachta a imirt
éisteacht agus aithint nó taispeáint
éisteacht agus aimsiú
éisteacht agus meaitseáil
éisteacht agus mím a dhéanamh
éisteacht agus tomhas
- páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí éisteachta a léiríonn tuiscint
éisteacht agus dathú
éisteacht agus pictiúr a tharraingt
deir Ó Grádaigh
‘Cuir do lámh dheas ar do chorróg chlé.’
gluaiseacht le ceol
an ceann, na guaillí, na huillinneacha
- taithí a fháil ar éisteacht aireach trí ghníomhaíochtaí simplí a dhéanamh
roimh éisteacht le comhrá nó scéal taifeadta
‘Éist agus abair cén t-ainmhí a luaitear.’
tar éis éisteachta
‘Cé na páistí a bhí sa scéal?’
‘Céard a tharla ansin, meas tú?’
- éisteacht le foghraíocht cheart i rainn agus in amhráin
‘Chuaigh Micilín Muc ar an aonach lá’
Samhlaíocht agus mothúcháin
- taitneamh a bhaint as rithim agus as fuaimeanna rann, dánta agus amhrán
bualadh bos, damhsa mar fhreagra ar an
gceol
- éisteacht le treoracha ón múinteoir chun na mothúcháin a léiriú le mím nó le pictiúr
áthas, brón, fearg, eagla, sásamh, míshásamh
- éisteacht leis an nGaeilge i gcomhthéacsanna cultúrtha
ceolchoirm
na hamhránaithe, an cór, aithriseoireacht
damhsa
Oíche Shamhna
nósanna sean agus nua, scéalta faoi na
mairbh
Lá Fhéile Pádraig
suaitheantas a dhéanamh ó threoracha
scéalta simplí béaloidis.
Snáithe: Labhairt
Snáithaonad: Ag cothú spéise
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- an Ghaeilge a labhairt go teagmhasach neamhfhoirmiúil sa seomra ranga agus sa scoil chun gnáthriachtanais chumarsáide a chomhlíonadh
caidreamh sóisialta a dhéanamh
- an Ghaeilge a labhairt i gcomhthéacsanna cultúrtha
samhlacha a úsáid, i gcomhthéacs
‘Chomh bán le sneachta, chomh dearg le
fuil’
seanfhocail a phlé
Oíche Shamhna—cluichí
Lá Fhéile Pádraig—scéal faoi Phádraig
- rogha a dhéanamh ó am go ham faoin ábhar cainte
Is féidir spéis na bpáistí a chothú freisin trí dhánta, amhráin, sceitsí agus drámaí. Féach Ag úsáid teanga: Samhlaíocht agus mothúcháin thíos.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cumas agus muinín
- úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh
geáitsí, tuin, béim
- nuacht shimplí phearsanta a thabhairt
labhairt faoi/fúithi féin, a c(h)aitheamh
aimsire, agus faoina g(h)náthshaol laethúil
- scéalta gearra simplí a aithris, a athinsint ina f(h)ocail féin, ceisteanna fúthu a chur agus a fhreagairt, agus codanna díobh a léiriú i rólghlacadh
- sainfhoclóir na dtéamaí a leathnú agus a úsáid le cabhair áiseanna éagsúla
pictiúir, leabhar mór nó póstaeir
- abairtí a chumadh a bhfuil foclóir éagsúil agus struchtúir níos casta iontu
focail cháilitheacha: beag bídeach, mór
millteach
abairtí simplí a cheangal le chéile
‘Chonaic mé cat agus madra.’
‘Ní maith liom im ná subh.’
- cluichí teanga a imirt ina mbeirteanna
aimsiú agus labhairt
‘Feicim le mo shúilín’
meaitseáil agus labhairt
gníomhú agus labhairt
liostú
‘Chuaigh mé ag siopadóireacht,
cheannaigh mé seacláid, brioscáin,
milseáin agus ...’
aimsiú difríochtaí idir phictiúir
focail fhrithchiallacha
cur síos ar rud éigin, na páistí eile ag tomhas
‘Tá sí tanaí agus géar, bíonn sí sa chistin.’
- suirbhéanna a dhéanamh agus tuairiscí a thabhairt
‘Cé na daoine a dtaitníonn snámh nó scátáil
leo?’
‘Céard iad na cláir theilifíse is fearr leat?’
- caint faoi rudaí a tharla, a tharlaíonn, atá ar siúl agus a tharlóidh
fuair mé, rinne tú, bhí sé
ní bhfuair mé, ní dhearna tú, ní raibh sibh
tugann sé, éiríonn tú, faigheann sí, bím
ní thugann sé, ní éiríonn tú, ní fhaigheann sí,
ní bhím
anois
ag teacht, ag imirt, ag scríobh
déanfaidh, ní dhéanfaidh mé, ní bheidh sé
- treoracha agus orduithe a thabhairt ar bhealaí éagsúla
tar, tagaigí anseo, suigh síos, suígí síos
ná bí, ná bígí, ná dún, ná dúnaigí
An féidir leat an chathaoir a bhogadh?
- ceisteanna a chur agus a fhreagairt
‘An maith/Ar mhaith leat úll?’
‘An bhfuil cead agam deoch a fháil?’
‘An bhfuil cead agam mo lámha a ní?’
cé, cad, cad chuige?
- pictiúir a úsáid chun brí na réamhfhocal agus na bhforainmneacha réamhfhoclacha a chur in iúl
ar, sa, faoi, idir, ag, roimh, thar
ó, do, de, le, chuig
ort, fúm, agam, liom, uaidh, dúinn
- daoine agus rudaí a chomhaireamh
- páirt a ghlacadh i gcleachtaí foghraíochta agus litrithe i gcomhthéacs.
Samhlaíocht agus mothúcháin
- caint faoi mhothúcháin agus faoi mhianta
- rainn agus dánta beaga simplí a rá
rainn dhúchasacha nuair is féidir
- amhráin aeracha le gníomhartha a chanadh
- páirt a ghlacadh i léiriú scéalta aitheanta
puipéid a úsáid
- páirt a ghlacadh i sceitsí agus i ndrámaí
ábhair a bhfuil suim ag na páistí iontu
- páirt a ghlacadh i rólghlacadh agus seiftiú i suímh éagsúla
na páistí ina bpearsantachtaí féin sa suíomh
na páistí i bpearsantachtaí eile sa suíomh
- súgradh le focail
focail raiméiseacha agus focail
neamhchoitianta a chloisteáil agus a rá
rainn agus amhráin ina bhfuil curfá gan bhrí.
Snáithe: Léitheoireacht
Snáithaonad: Ag cothú fonn léitheoireachta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- taitneamh a shamhlú le léitheoireacht trí éisteacht le scéalta agus dánta tarraingteacha á léamh os ard ag an múinteoir
- a thuilleadh taithí a fháil ar an bhfocal scríofa sa timpeallacht, go háirithe sa seomra ranga, agus é a léamh go tuisceanach
fógraí sa seomra ranga, sa scoil agus sa
timpeallacht
lipéid le haghaidh rudaí sa seomra ranga
lipéid ar shaothair ealaíne
scríbhneoireacht ar an gclár dubh
- sracfhéachaint go rialta ar réimse leathan d’ábhar léitheoireachta
pictiúrleabhair, cartúin agus páipéir ghrinn,
scéalta, dánta, rainn, póstaeir, fógraí
- foghlaim conas teacht ar leabhair sa leabharlann ranga nó scoile
- tréimhsí taoiléitheoireachta a chaitheamh i gcomhair pléisiúir
leabhair scéalaíochta, rainn, leabhair eolais.
Snáithaonad: Ag tuiscint teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- a thuiscint gur gníomhaíocht í an léitheoireacht ar féidir í a roinnt le daoine eile
léamh os ard chun téacs a roinnt le lucht
éisteachta
a s(h)aothar féin agus saothar páistí eile a
léamh
- stór níos leithne de ghnáthfhocail inaitheanta a chur le chéile óna t(h)aithí phearsanta agus ó bheith ag léamh leabhar
- an téarmaíocht ar leith a bhaineann leis an léitheoireacht agus le leabhair a chloisteáil agus a thuiscint
‘Féachaigí ar an gcéad líne sa chéad alt!’
teideal, clúdach, leathanach, lánstad, camóg
- focail a aithint nó a léamh i dtéacs trí leideanna ó phictiúir, ón gcomhthéacs agus ón gcomhréir
- úsáid a bhaint as comharthaí poncaíochta mar áiseanna tuisceana
na ceannlitreacha agus an lánstad
- an ceangal atá idir fuaimeanna na Gaeilge agus na litreacha scríofa a aithint
rím ag deireadh focal
luch-óg, cup-óg, ord-óg
cail-ín, cloig-ín, mirl-ín
cnuaschonsain ag tús focal le l- agus r
m. sh. pláta,bláth, bréagán, traein, Gráinne
túschonsain (caol agus leathan)
feadóg—fada, sean—san, tuí—tí
gutaí (gearr agus fada)
salann—álainn, cloch—clóca
muc—múch, te—té
défhoghair
uachtar, fuar, rua, iasc, scian, bia
- foghlaim faoin séimhiú agus faoin urú trí shamplaí i gcomhthéacs
mo chara, bhris, thóg
An gcloiseann tú?, i mbosca, ag an ngeata,
lá na n-amadán
- focail a aithint trína mbriseadh ina siollaí
teid/í, mam/aí, súg/radh, a/má/rach
- focail a aithint trí dhul ar ais chuig fréamhacha focal agus tógáil ar na fréamhacha sin
roth/ar, tóg/ann, cailín/í, bus/anna
- a bhfuil á léamh aige/aici a thuiscint
ceisteanna a chur agus a fhreagairt
eachtraí ar leith a thabhairt chun cuimhne
an chéad chuid eile den scéal nó an deireadh
a thuar.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cumas agus muinín
- léamh i gcomhpháirt le duine eile
páiste eile, an múinteoir, tuismitheoir, duine
fásta eile
- cluichí taitneamhacha teanga a imirt a éilíonn léitheoireacht fheidhmiúil
léamh agus tarraingt pictiúr
léamh agus mím a dhéanamh
léamh agus tomhas, puzail
cluichí boird
- cineálacha éagsúla téacs a léamh go tuisceanach
cartúin, páipéir ghrinn, scéalta simplí, dánta
simplí, sceideal teilifíse
- botúin léitheoireachta a cheartú go neamhspleách nuair is léir nach bhfuil ciall le baint as an rud atá léite aige/aici
- úsáid a bhaint as teicneolaíocht an eolais mar fhoinse léitheoireachta de réir mar a oireann
cluichí léitheoireachta don ríomhaire
scéalta idirghníomhacha don ríomhaire
Samhlaíocht agus mothúcháin
- éisteacht le scéalta agus rainn á léamh ag an múinteoir
- ábhar simplí samhlaíoch léitheoireachta a léamh
scéal, rann, cartún
- ábhair spéise a fhiosrú agus a fhorbairt
- freagairt do dhánta agus do phearsana agus d’eachtraí i scéalta
ceisteanna a chur agus a fhreagairt
rólghlacadh
gníomhaíochtaí ealaíne
- léamh i gcomhthéacsanna cultúrtha
Oíche Shamhna—tuairisc ar na nósanna
Lá Fhéile Pádraig—cártaí
ceolchoirm, focail na n-amhrán
scéalta simplí béaloidis.
Snáithe: Scríbhneoireacht
Snáithaonad: Ag cothú fonn scríbhneoireachta
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
- taitneamh agus sásamh a bhaint as gníomhaíochtaí oiriúnacha scríbhneoireachta a chothaíonn féinmhuinín
- taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa agus a chuireann luach ar dhea-iarrachtaí scríbhneoireachta
saothar na bpáistí á léamh os ard
obair ar taispeáint
bailiúcháin de shaothair phearsanta
- aischothú dearfach a fháil
ón múinteoir
ó na páistí eile
ó chuairteoirí
dea-iarrachtaí á moladh
obair phearsanta an pháiste ar taispeáint
- an múinteoir a fheiceáil ag scríobh agus ag baint sásaimh as
- rogha a dhéanamh faoi ábhar na scríbhneoireachta.
Snáithaonad: Ag úsáid teanga
Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste
Cumas agus muinín
- scríobh do léitheoirí nó d’éisteoirí éagsúla
é/í féin, an múinteoir, páistí eile, an
teaghlach, cuairteoirí
- cluichí taitneamhacha focal a imirt
tóirfhocal, an crochadóir
- liosta focal a scríobh
foclóir beag, bia, liosta siopadóireachta
- abairtí le pictiúir a chur san ord ceart chun scéal simplí a scríobh
- creatlacha réamhcheaptha a chóipeáil agus a iomlánú
- scríbhneoireacht fheidhmiúil a chleachtadh
cártaí d’ócáidí áirithe
lá breithe, an Nollaig
lá na máithreacha, lá na n-aithreacha
teachtaireachtaí
nótaí
- scríobh faoi phictiúir
frásaí, cuntais
- abairtí a scríobh
- ceisteanna faoi scéalta simplí a fhreagairt
- nuacht shimplí a scríobh
- píosa scríbhneoireachta a athdhréachtú le cabhair ón múinteoir
litriú, an leagan amach
- comhoibriú le páistí eile
freagraí i suirbhéanna
tuairiscí a scríobh
- dea-nósanna poncaíochta a fhoghlaim agus a úsáid
na ceannlitreacha agus an lánstad
- tabhairt faoi fhocail a litriú go muiníneach
buille faoi thuairim a thabhairt
patrúin chomónta litrithe a fhoghlaim
focail choitianta a mbíonn gá leo go rialta
- cleachtaí peannaireachta a dhéanamh
Samhlaíocht agus mothúcháin
- scríobh go simplí faoi rudaí pearsanta a thaitníonn nó nach dtaitníonn leis/léi
- scríobh faoi/fúithi féin go rialta
ábhair atá spéisiúil do pháistí
caitheamh aimsire
- mothúcháin a léiriú trí mheán na scríbhneoireachta
áthas, brón, eagla, fearg
- scríobh faoi eispéiris chéadfacha
ocras, tart, fuacht, teas, tinneas
- scríobh i gcomhthéacsanna cultúrtha
Lá Fhéile Pádraig: cártaí chuig scoil eile
Ceol: éisteacht le ceol Gaelach agus scríobh
faoi.