Primary Schools

Ábhar: ranganna 1 agus 2

Snáithe: Éisteacht

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

go neamhfhoirmiúil

  • éisteacht leis an nGaeilge á húsáid go teagmhasach mar theanga chaidrimh agus bhainisteoireachta
    sa rang, sa scoil
    sa bhaile (TG4)


sa teagasc

  • éisteacht le Gaeilge, cé nach dtuigfeadh sé/sí gach focal b’fhéidir
    cláir oiriúnacha ar TG4
    sceitsí nó drámaí simplí puipéad, cartúin
    treoracha chun aghaidh fidil nó hata a
    dhéanamh
    téipeanna éisteachta agus dlúthcheirníní
    sraith fuaimeanna a ainmniú, scéal a
    insint
    guthanna difriúla a aithint, scéalta taifeadta



  • éisteacht gan bhrú le hábhar tarraingteach
    rainn
    ‘Bearnard Broc’, ‘Ardaigh do lámha’
    scéalta aitheanta
    Scéalta Grimm: ‘Luaithrín’
    ‘Tomás na hOrdóige’
    gníomhamhráin thaitneamhacha
    ‘Sín do lámha suas thar do cheann’
    ‘Péint is scuab is páipéar.’



Snáithaonad: Ag tuiscint teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • éisteacht leis an nGaeilge á labhairt go rialta gach lá chun frásaí faoi leith a dhaingniú
    ag teacht isteach ar maidin
    ag dul amach ag am lóin
    ‘Cé leis an bosca lóin?’
    moladh
    tionól na scoile



  • éisteacht le cainteoir(í), beo agus i bhfíseáin, agus an chaint a thuiscint le cabhair
    na súile, an aghaidh
    an guth, béim, tuin na cainte



  • cluichí éisteachta a éilíonn tuiscint a imirt
    éisteacht agus aithint nó taispeáint
    éisteacht agus aimsiú
    éisteacht agus meaitseáil


  • éisteacht agus leanúint treoracha
    éisteacht agus dathú
    ‘Cuir dath dubh ar an díon.’
    ‘Cuir dath buí ar an éan.’
    éisteacht agus tarraingt
    ‘Tarraing bord agus cathaoir.’
    ‘Tarraing cathaoir eile.’
    deir Ó Grádaigh
    gluaiseacht le ceol
    ‘Crom do cheann, cas do cheann.’
    ‘Crom síos, dírigh tú féin suas arís.’



  • taithí a fháil ar éisteacht ghníomhach trí aire a dhíriú ar an ábhar éisteachta le cabhair ó cheisteanna an mhúinteora
    réamhcheisteanna
    ‘Éist agus abair cé mhéad ainmhí atá
    sa scéal.’
    iarcheisteanna
    ‘Céard a tharla tar éis …?’



  • foghraíocht cheart a chloisteáil chun taithí a fháil ar na fuaimeanna ar leith atá sa Ghaeilge
    rainn nó amhráin
    ‘Tá mise ag tógáil tí’



  • éisteacht le treoracha ón múinteoir agus na mothúcháin a léiriú le mím nó pictiúr
    áthas, brón, fearg, eagla, sásamh,
    míshásamh.


Comhtháthú le hábhair eile
Corpoideachas: Lúthchleasaíocht: Ag éisteacht le treoracha
Na hamharcealaíona: Péint agus dath: Péinteáil—na dathanna i nGaeilge
Ceol: Ag éisteacht agus ag freagairt: Amhráin Ghaeilge
Eolaíocht: Ábhair: Airíonna agus tréithe ábhair—éadach bog, páipéar nó spúnóg adhmaid chun puipéid a dhéanamh

 

Snáithe: Labhairt

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

go neamhfhoirmiúil

  • an Ghaeilge a labhairt go teagmhasach neamhfhoirmiúil
    caidreamh sóisialta a dhéanamh sa seomraranga
    beannú, slán a fhágáil, glaoch ar dhuine
    cumarsáid shimplí
    ‘Bhí mé tinn inné, tá mé ar ais inniu.’
    ‘Bhí babaí nua ag Mamaí.’



sa teagasc

  • rainn a rá
    ‘Scipeáil suas is scipeáil síos’

  • gníomhamhráin thaitneamhacha a chanadh
    ‘Buail bos’
    ‘Timpeall, timpeall’
    ‘Sín do lámha’


  • páirt a ghlacadh i sceitsí gearra de scéalta aitheanta
    puipéid a úsáid agus na páistí ag rá an
    churfá
    ‘Lig isteach mé, lig isteach mé.’


  • suímh shamhlaíocha a chruthú agus a fhorbairt i sceitsí agus drámaí
    ‘Is spásaire mise, is mise Superman.’
    ‘Mise Hansel, tá mé ar strae.’


  • Gaeilge a labhairt i gcomhthéacsanna cultúrtha
    cluichí traidisiúnta d’fhéilte éagsúla na
    bliana.

Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • úsáid a bhaint as leideanna éagsúla chun cabhrú le cumarsáid éifeachtach a dhéanamh
    geáitsí, béim agus tuin

  • nuacht shimplí phearsanta a thabhairt
    labhairt faoi/fúithi féin, a c(h)aitheamh
    aimsire agus faoina g(h)náthshaol laethúil


  • scéalta gearra a insint ag úsáid sraith briathra
    Bhí mé sé bliana inné. Bhí cóisir agam.
    Tháinig mo chairde go léir. Bhí cáca agus
    coinnle agam.


  • sainfhoclóir na dtéamaí don leibhéal seo a úsáid
    pictiúir, póstaeir agus ábhar dílis
    cluichí foclóra
    abairtí a chumadh ó spreagthaigh


  • focail cháilitheacha a úsáid
    mór, beag, fada, gearr, bán, íseal, ard, tanaí
    go tapa, go mall, go dona, go maith


  • rólghlacadh a chleachtadh i suímh éagsúla
    sa siopa bréagán, sa seomra ranga, sa chlós

  • cluichí teanga a imirt
    taispeáint agus labhairt
    uimhreacha, am
    aithint agus labhairt
    aimsiú agus labhairt
    meaitseáil agus labhairt
    dúradáin, snap
    liostú
    cluiche cuimhne


  • cluichí le treoracha ó pháiste eile
    tarraingt agus dathú pictiúr

  • pictiúir agus cluichí a úsáid chun suíomh a chur in iúl
    ar, sa, faoi, idir, ag

  • caint faoi rudaí a tharla, atá ar siúl agus a tharlóidh
    thóg mé, chonaic tú, bhí sé
    tugann sé, feiceann sí, bím, suím, éirím
    tógfaidh mé, feicfidh mé, beidh tú
    anois:
    ag rith, ag léim, ag súgradh, ag éirí
    ag dul a chodladh, ag ní, ag scríobh


  • páirt a ghlacadh i gcluichí foghraíochta agus litrithe
    feicim le mo shúilín, bingo, an crochadóir.

Comhtháthú le hábhair eile
OSPS: Mé féin—mo theach, mo chairde
Stair: Scéalaíocht—scéal faoin múinteoir nuair a bhí
sé/sí óg: na bréagáin, an teach, na háiseanna, na siopaí
Matamaitic: Uimhreas: ‘Cúig ubh’ agus rímeanna eile
Ceol: Ag léiriú: Amhráin Ghaeilge
Corpoideachas: Cluichí: Seoladh agus glacadh: Anseo!
Domsa! A Mháire! Go maith! Féar plé duit!

Snáithe: Léitheoireacht (Rang 2: tús na léitheoireachta)

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • léitheoireacht a shamhlú le taitneamh trí éisteacht leis an múinteoir mar dhealéitheoir ag léamh scéalta agus dánta tarraingteacha

  • taithí a fháil ar an bhfocal scríofa sa timpeallacht, go háirithe sa seomra ranga, agus é a léamh go tuisceanach
    fógraí sa seomra ranga
    lipéid le haghaidh rudaí sa seomra ranga, i
    bpictiúir agus ar shaothair ealaíne


  • sracfhéachaint ó am go ham ar réimse leathan d’ábhar léitheoireachta
    pictiúrleabhair, cartúin, páipéir ghrinn agus
    irisí
    cártaí d’ócáidí speisialta
    amchlár an ranga.

Snáithaonad: Ag tuiscint teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • a thuiscint gur gníomhaíocht í an léitheoireacht ar féidir í a roinnt le daoine eile
    leabhair á léamh os ard ag an múinteoir

  • clár cuimsitheach réamhléitheoireachta a leanúint
    pictiúrleabhair
    cluichí meaitseála
    pictiúir a chur in ord
    luaschártaí
    focalchártaí, frásachártaí, abairtchártaí


  • an téarmaíocht ar leith a bhaineann leis an léitheoireacht a chloisteáil as Gaeilge agus a thuiscint
    ‘Oscail do leabhar!’
    ‘Féach ar an bpictiúr!’


  • stór de ghnáthfhocail inléite a chur le chéile óna t(h)aithí ar théacs sa timpeallacht agus ar leabhair

  • focal a aithint trí leideanna a úsáid
    ó phictiúir
    ó chomhthéacs na bhfocal
    ón gcomhréir


  • tuiscint a fháil ar an gcaoi a gcomhfhreagraíonn fuaimeanna agus litreacha áirithe i nGaeilge agus i mBéarla go hiondúil
    p, b, m, l, n, r

  • an ceangal atá idir litreacha agus fuaimeanna na Gaeilge a aithint
    guta: fada agus gearr
    glan, slán
    séimhiú ar thúschonsain
    bróg, mo bhróg
    téann, ní théann
    siúil, shiúil
    défhoghair
    uan, fuar, iasc, bia


  • a bhfuil á léamh aige/aici a thuiscint
    ceisteanna, freagraí.

Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • léitheoireacht a chleachtadh trí ‘leabhair mhóra’ a léamh in éineacht leis an múinteoir

  • léitheoireacht fheidhmiúil a dhéanamh i gcluichí léitheoireachta
    treoracha a léamh agus a leanúint chun
    cluichí boird simplí a imirt
    tús, an baile
    ag léamh agus ag déanamh míme le cabhair ó
    phictiúr
    ag léamh abairte agus ag tarraingt pictiúir.

Snáithe: Scríbhneoireacht (Rang 2: tús na scríbhneoireachta)

Snáithaonad: Ag cothú spéise


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • taitneamh a bhaint as gníomhaíochtaí oiriúnacha scríbhneoireachta a chothaíonn féinmhuinín

  • taithí a fháil ar atmaisféar ranga a léiríonn meas ar an bhfocal scríofa agus a thugann luach do dhea-iarrachtaí scríbhneoireachta
    obair ar taispeáint
    bailiúchán d’iarrachtaí pearsanta
    scríbhneoireachta


  • aischothú dearfach a fháil ar obair phearsanta
    ón múinteoir, ó pháistí eile, ó chuairteoirí.

Snáithaonad: Ag úsáid teanga


Ba chóir go gcuirfí ar chumas an pháiste

  • an múinteoir a fheiceáil ag scríobh agus é/í ag baint sásaimh as
  • scríobh do léitheoirí nó d’éisteoirí éagsúla
    é/í féin, an múinteoir, tuismitheoirí, páistí
    eile


  • cabhair a lorg ón múinteoir

  • lipéid, comharthaí agus fógraí a chóipeáil agus a scríobh
    don bhord dúlra, ón timpeallacht,
    ainm na scoile


  • a (h)ainm féin a scríobh

  • cleachtaí a bhaineann le tús na scríbhneoireachta a dhéanamh
    ag meaitseáil abairt le pictiúr agus
    á scríobh
    ag cumadh abairtí as focalchártaí nó
    frásachártaí agus á scríobh


  • pictiúir a tharraingt de rudaí a thaitníonn nó nach dtaitníonn leis/léi agus lipéid a chur orthu

  • pictiúir a tharraingt a léiríonn mothúcháin agus lipéid a chur leo
    áthas, brón, grá, eagla
    ocras, tart, fuacht, teas, tinneas


  • liosta focal a scríobh
    liosta siopadóireachta
    bréagáin don Nollaig


  • abairtí a chóipeáil, a iomlánú agus a scríobh
    bolgáin chainte a líonadh i gcartúin

  • abairtí simplí aonair a scríobh

  • nuacht shimplí a scríobh

  • scríobh faoi phictiúir
    lipéid, abairtí a chóipeáil agus a chumadh

  • scríbhneoireacht fheidhmiúil agus cumarsáid a chleachtadh
    cártaí d’ócáidí áirithe
    lá breithe, an Nollaig, Lá Fhéile Pádraig


  • cleachtaí peannaireachta a dhéanamh.


Comhtháthú le hábhair eile

Na hamharcealaíona: Péint agus dath: Péinteáil: Lipéid Ghaeilge a chóipeáil le cur ar obair ealaíne
Eolaíocht: Ábhair: Airíonna agus tréithe ábhair: Éadaí samhraidh agus geimhridh a tharraingt agus lipéid réamhscríofa a chur orthu

 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie