Is é is ciall le feidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach, cuir i gcás cuireadh a thabhairt, cead a lorg nó mianta a léiriú. Is iad na feidhmeanna teanga croílár an churaclaim Ghaeilge, agus beidh siad le comhlíonadh i ngach gné den chumarsáid, pé acu ag éisteacht, ag labhairt, ag léamh nó ag scríobh atá an páiste. Athraíonn an cineál teanga a úsáideann duine, ag brath ar an ról atá aige/aici sa chomhrá, na daoine a bhfuil sé/sí ag caint leo, an suíomh agus an téama. Sin é an fáth a n-athraíonn an cineál teanga a chomhlíonann na feidhmeanna teanga.
Má bhíonn an múinteoir agus an páiste ag caint faoin téama ‘siopadóireacht’ beidh na heiseamláirí teanga a chuireann ar chumas an pháiste ‘mian a léiriú’ le múineadh agus le foghlaim. Ag leibhéal amháin is féidir an fheidhm sin a chomhlíonadh leis an eiseamláir ‘Seacláid, le do thoil’ agus ag leibhéal eile ‘Ba mhaith liom barra seacláide, le do thoil.’ Is léir mar sin go ndéanfaidh eiseamláirí difriúla teanga an fheidhm chéanna a chomhlíonadh. Caithfidh an múinteoir foclóir a bhaineann leis na téamaí a chur leis na heiseamláirí chun go mbeidh an páiste in ann iad a aistriú ó shuíomh amháin go suíomh eile: mar shampla, ‘Ba mhaith liom buataisí nua/T-léine nua/féachaint ar an gcluiche peile/dul amach le mo chairde, le do thoil.’
Ar dtús bíonn cleachtadh ar eiseamláirí na bhfeidhmeanna i suímh insamhlaithe ag teastáil ón bpáiste, mar shampla in agallaimh réamhullmhaithe nó i ndráma stáitse. Bíonn cluichí struchtúrtha agus cleachtaí ar siúl chomh maith chun cleachtadh a chur ar fáil don pháiste. Bíonn na heiseamláirí teanga in úsáid agus cumarsáid níos réalaíche ar siúl i rólghlacadh agus i gcluichí cumarsáide, mar bíonn eolas le fáil nó á lorg ag an bpáiste. Ag an leibhéal is airde bíonn fíorchumarsáid ar siúl i suíomh an tseomra ranga má labhraíonn an múinteoir agus na páistí Gaeilge lena chéile chun teachtaireachtaí a thabhairt agus chun ceisteanna a chur agus a fhreagairt.
Tá liosta feidhmeanna do scoileanna T2 ar na leathanaigh seo a leanas. Tugtar treoir ghinearálta sa liosta eiseamláirí (i gcló iodálach) faoi roinnt de na bealaí éagsúla atá ann chun na feidhmeanna teanga a chomhlíonadh. Is féidir leis an múinteoir na heiseamláirí de na feidhmeanna teanga a roghnú ón liosta a thugtar anseo, ag brath ar riachtanais chumarsáide an pháiste agus ar a n-úsáideacht ó shuíomh amháin go suíomh eile. Mar shampla, is féidir ‘Is maith liom ...’ a úsáid go minic. Ní gá a bheith taobh leis na heiseamláirí atá sa liosta; is mar léiriú ar an gcaoi ar féidir na feidhmeanna a chomhlíonadh atá siad ann.
Feidhmeanna teanga do scoileanna T2 (PDF)