Primary Schools

Foramharc ar na feidhmeanna teanga (T1)

Is é is ciall le feidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach, cuir i gcás cuireadh a thabhairt, cead a lorg nó mianta a léiriú. Is iad na feidhmeanna teanga croílár an churaclaim Ghaeilge agus beidh siad le comhlíonadh i ngach gné den chumarsáid, pé acu ag éisteacht, ag labhairt, ag léamh nó ag scríobh atá an páiste. Athraíonn an cineál teanga a úsáideann duine, ag brath ar an ról atá aige/aici sa chomhrá, na daoine a bhfuil sé/sí ag caint leo, an suíomh agus an téama. Sin é an fáth a n-athraíonn an cineál teanga a chomhlíonann na feidhmeanna teanga.

Má bhíonn an múinteoir agus an páiste ag caint faoin téama ‘siopadóireacht’ beidh na heiseamláirí teanga a chuireann ar chumas an pháiste ‘mian a léiriú’ le múineadh agus le foghlaim. Ag leibhéal amháin is féidir an fheidhm sin a chomhlíonadh leis an eiseamláir ‘Seacláid, le do thoil’ agus ag leibhéal eile ‘Ba mhaith liom barra seacláide, le do thoil.’ Is léir mar sin go ndéanfaidh eiseamláirí difriúla teanga an fheidhm chéanna a chomhlíonadh. Caithfidh an múinteoir foclóir a bhaineann leis na téamaí a chur leis na heiseamláirí chun go mbeidh an páiste in ann iad a aistriú ó shuíomh amháin go suíomh eile: mar shampla, ‘Ba mhaith liom buataisí nua/T-léine nua/féachaint ar an gcluiche peile/dul amach le mo chairde, le do thoil.’

Tá suímh fhíorchumarsáide le fáil go héasca taobh istigh agus taobh amuigh den scoil sna ceantair Ghaeltachta. Ós rud é go n-úsáidtear an Ghaeilge mar theanga theagaisc sna scoileanna seo bíonn fíorchumarsáid ar siúl ó thús deireadh an lae. Sa cheacht Gaeilge, mar sin féin, bíonn cleachtadh i suímh insamhlaithe ag teastáil ó am go ham, ag brath ar leibhéal an ranga, is é sin, foghlaim foclóra agus struchtúr d’agallaimh réamhullmhaithe agus cleachtadh i gcluichí gramadaí agus i ndrámaí stáitse.

Tá liosta feidhmeanna do scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar na leathanaigh seo a leanas. Tugtar eiseamláir amháin (i gcló iodálach) le feidhm faoi leith le bealach amháin a thaispeáint chun í a chomhlíonadh. Ní gá do na múinteoirí iad féin ná na páistí a theorannú don liosta feidhmeanna atá anseo. Is féidir leis an múinteoir eiseamláirí a roghnú, ag brath ar riachtanais chumarsáide an pháiste agus ar an úsáid a bhaintear astu ó shuíomh amháin go suíomh eile. Mar shampla, is féidir ‘Is maith liom’ a úsáid go minic.

PDF  Feidhmeanna teanga do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge (PDF)
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie