Is cuid lárnach den phróiseas teagaisc agus foghlama é an measúnú. Úsáidtear é chun forbairt an pháiste a mheasúnú de réir aidhmeanna agus cuspóirí an churaclaim. Sa mhéid sin is próiseas leanúnach é a thugann eolas go rialta don mhúinteoir ní hamháin ar dhul chun cinn an pháiste ach ar a riachtanais foghlama chomh maith. I gcás na Gaeilge tugann sé cabhair don mhúinteoir riachtanais gach aon pháiste a aithint sna gnéithe faoi leith de mhúineadh na teanga.
Bunófar an measúnú ar an gcuraclam agus ar an teagasc. Is féidir leis an múinteoir gníomhaíochtaí foghlama a bheidh níos oiriúnaí do pháistí a ranga a dhearadh bunaithe ar an eolas a fhaigheann sé/sí uaidh. Athbhreithnítear na modhanna múinte, na cuspóirí teagaisc agus foghlama agus leibhéal na deacrachta de bharr torthaí an mheasúnaithe.
Tá béim sa churaclam seo ar an úsáid is féidir a bhaint as an teanga chun cumarsáid a dhéanamh; mar sin déanfar measúnú ar éisteacht agus tuiscint agus labhairt go háirithe. Gné thábhachtach eile atá le cur san áireamh ná an taitneamh a bheidh le baint as foghlaim na Gaeilge. Déanann an curaclam Gaeilge seo freastal ar na cineálacha éagsúla scoile agus na cúinsí difriúla atá le fáil iontu. Cuireann an córas measúnaithe é seo san áireamh gurb í an Ghaeilge teanga chumarsáide laethúil na scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar mheán teagaisc agus gur teanga chumarsáide í chomh fada agus is féidir sna scoileanna eile.
Feidhm an mheasúnaithe: cén fáth a ndéantar é?
Baineann an measúnú sa bhunscoil le pictiúr iomlán d’fhorbairt anpháiste agus ní leis an nGaeilge amháin. Faigheann an múinteoir an pictiúr seo trí chineálacha éagsúla measúnaithe agus trí na huirlisí difriúla a úsáidtear.
Má dhéanann an múinteoir measúnú leanúnach ar mhúineadh agus ar fhoghlaim na Gaeilge, faigheann sé/sí léargas ar dhul chun cinn an pháiste i snáitheanna an churaclaim, Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Measúnú foirmitheach a thugtar ar an measúnú leanúnach seo a thugann eolas go rialta don mhúinteoir faoin gcéad chéim eile atá le tógáil ar mhaithe le forbairt scileanna tuisceana agus cumarsáide an pháiste. Má shíleann an múinteoir nach bhfuil an páiste ag feidhmiú go héifeachtach is féidir gnéithe den teagasc a athbhreithniú.
Má tá an páiste ar gcúl tugann an measúnú diagnóiseach cabhair don mhúinteoir an fáth a bhfuil sé/sí ar gcúl a aithint go cruinn. Mar thoradh ar an measúnú diagnóiseach is féidir leis an múinteoir a c(h)uid ullmhúcháin i gcomhair obair bhreise nó pé athrú is gá a dhéanamh ag brath ar dheacrachtaí áirithe tuisceana agus foghlama an pháiste. Féadfaidh an múinteoir trialacha diagnóiseacha dá c(h)uid féin a chumadh agus féachaint chuige go soláthróidh siad an t-eolas a chuirfidh ar a c(h)umas cabhrú leis an bpáiste.
Cuireann an measúnú suimitheach ar chumas an mhúinteora pictiúr iomlán soiléir den dul chun cinn atá déanta ag an bpáiste aonair a fháil. Déantar an measúnú seo ag deireadh aonad oibre nó ag deireadh tréimhse: is é sin ag pointe áirithe. Déantar an pictiúr sin a chur le chéile ag úsáid uirlisí éagsúla an mheasúnaithe. Cothaíonn córas éifeachtach measúnaithe leanúnachas, mar is féidir an pictiúr iomlán seo a chur ar aghaidh go dtí an chéad mhúinteoir eile. Is féidir é a chur ar fáil freisin do thuismitheoirí agus do dhaoine gairmiúla.
Cabhraíonn an córas measúnaithe trí chéile le luacháil an chláir Ghaeilge. Déantar an cur chuige, na modhanna múinte, áiseanna teagaisc agus foghlama na scoile agus an ranga a athbhreithniú de bharr an mheasúnaithe seo.
Measúnú i gcuraclam na Gaeilge: céard ba chóir a mheasúnú?
Sa churaclam Gaeilge seo cuirtear an phríomhbhéim ar chumarsáid agus ar úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide. Measúnú ar na scileanna cumarsáide éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht is ceart a dhéanamh mar sin. Déanfar measúnú ar éisteacht agus ar labhairt go háirithe, ag aithint gurb iad is tábhachtaí sa churaclam seo, agus ní ar léitheoireacht agus ar scríbhneoireacht amháin. Ní mór chomh maith aird a thabhairt ar an mbéim dhifriúil a leagtar ar na scileanna cumarsáide éagsúla ó rang go rang sna cineálacha éagsúla scoile—scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus na scoileanna ina bhfuil an Ghaeilge mar dhara teanga.
Cé go bhfuil súil le cruinneas mar sprioc, is cuid dhosheachanta de phróiseas foghlaim teanga iad earráidí de chineálacha éagsúla, go háirithe i labhairt na teanga, nuair a bhíonn cumarsáid á baint amach. Mar sin is ar chumas an pháiste agus an méid atá sé/sí in ann a thuiscint, a rá, a léamh nó a scríobh atá an bhéim agus ní ar an easpa cumais.
Cuirtear san áireamh sa mheasúnú freisin dearcadh an pháiste i leith foghlaim na Gaeilge agus teangacha eile, féinmhuinín chun páirt a ghlacadh i gcomhrá, agus dul sa seans le húsáid na teanga, agus tugtar creidiúint dó/di as a (h)iarracht. Déantar na scileanna seo a leanas a mheas freisin: tomhas, sórtáil, eagrú, ordú ar phictiúir nó ar chodanna scéil, ainm nó críoch scéil a thuar, buille faoi thuairim agus cur i gcéill. Ós rud é nach le sealbhú teanga amháin a bhaineann na haidhmeanna agus na cuspóirí ginearálta, ba chóir go ndéanfaí measúnú ar ghnéithe eile chomh maith, mar shampla feasacht teanga agus feasacht cultúir.
Éisteacht
Tá an snáithe seo roinnte ina dhá shnáithaonad, ‘Ag cothú spéise’ agus ‘Ag tuiscint teanga’. Tá béim faoi leith sna snáithaonaid seo ar oiliúint an pháiste i scil na héisteachta agus i gcothú straitéisí tuisceana. Beifear ag súil go léireoidh an páiste tuiscint ghinearálta ar ábhar an churaclaim ag a leibhéal féin. Tuigfidh sé/sí caint neamhfhoirmiúil bhainisteoireachta an ranga agus na ceisteanna a chuirfear. Leanfaidh sé/sí treoracha soiléire chun rudaí a dhéanamh. Lorgóidh measúnú ar an snáithe seo léiriú ón bpáiste go dtuigeann sé/sí ceisteanna nó treoracha ón múinteoir. Ar dtús is leor dó/di geáitsí, mím nó gníomh a dhéanamh mar fhreagra, ach de réir a chéile tabharfaidh sé/sí freagra ó bhéal.
Labhairt
Glactar le forbairt i labhairt na Gaeilge ar chontanam ó úsáid geáitsí go húsáid foirmlí agus frásaí ó chaint an mhúinteora go saorúsáid na Gaeilge i gcomhthéacsanna nua ar fad. Beidh an páiste in ann na feidhmeanna teanga a bhaint amach ag a leibhéal féin i ngach rang. Ar dtús beidh sé/sí in ann beannú, slán a fhágáil, leithscéal agus buíochas a ghábháil, freagra gairid a thabhairt chun eolas a chur in iúl, dearcadh pearsanta a léiriú agus ceisteanna simplí a chur. De réir a chéile léireoidh an páiste ábaltacht níos oilte i gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna i gcluichí cainte agus i rólghlacadh. Beidh sé/sí in ann cabhair agus soiléiriú a lorg sa chomhrá, agus úsáidfidh sé/sí straitéisí éagsúla cúitimh nuair nach mbeidh an focal cuí aige/aici. Déanfaidh an múinteoir measúnú ar chumas an pháiste éisteacht nó labhairt go neamhspleách i suímh nua. Tá sé tábhachtach go bhfiosródh an córas measúnaithe an féidir leis an bpáiste na scileanna teanga a léirigh sé/sí i suíomh amháin a aistriú go suíomh nó go comhthéacs eile. Sna scoileanna Gaeltachta agus lán- Ghaeilge beifear ag súil le cumas cainte le líofacht agus cruinneas i bhfíorócáidí cumarsáide.
Léitheoireacht
Is ar an méid Gaeilge a bheidh cleachtaithe ag an bpáiste i dtascanna éisteachta, labhartha agus léitheoireachta a bhunófar measúnú na léitheoireachta. Beidh an bhéim ar scileanna tuisceana i léitheoireacht na Gaeilge, agus ar an taoiléitheoireacht, ar an léitheoireacht fheidhmiúil, agus ar eolas agus pléisiúr a bhaint as téacs. Úsáidfear ceisteanna scríofa chomh maith le ceisteanna ó bhéal chun tuiscint an pháiste ar théacs a mheasúnú. Ní chasfar focail nua ar an bpáiste sna trialacha léitheoireachta.
Scríbhneoireacht
Beidh measúnú na scríbhneoireachta bunaithe ar an nGaeilge atá cloiste, úsáidte sa chaint agus léite sa léitheoireacht ag an bpáiste. Beidh sé/sí in ann a (h)ainm féin a scríobh ar chóipleabhar agus ar fhoirm agus cárta poist, litir, tuairisc agus cur síos a scríobh freisin. Úsáidfidh sé/sí na comharthaí poncaíochta is tábhachtaí, agus léireoidh sé/sí tuiscint ar bhunlitriú na Gaeilge. Cuirfear béim ar an scríbhneoireacht chruthaitheach agus fheidhmiúil de réir ábaltacht an pháiste agus ag brath ar an gcineál scoile. Nuair a dhéanann an páiste ceartú nó athdhréachtú ar phíosa scríbhneoireachta ar chomhairle an mhúinteora bíonn féinmheasúnú ar siúl aige/aici ag an am céanna.
Uirlisí éagsúla measúnaithe: cén chaoi a ndéantar an measúnú?
Tá réimse d’uirlisí éagsúla ann lenar féidir leis an múinteoir cumas tuisceana agus cumarsáide an pháiste a mheasúnú. Beidh saoirse ag an múinteoir na huirlisí is oiriúnaí do pháistí agus do chúinsí a ranga a úsáid chun na scileanna éagsúla teanga a mheasúnú. Níl sé i gceist go mbeadh na huirlisí go léir á n-úsáid gach lá ach go roghnófaí astu agus gur de réir a chéile a léireofaí pictiúr de dhul chun cinn an pháiste. Beidh na huirlisí measúnaithe seo ar chontanam, ag tosú leis na cinn atá neamhfhoirmiúil, ar nós dhírbhreathnú an mhúinteora, tríd síos go dtí na trialacha caighdeánaithe. Cuirfear san áireamh:
Dírbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste
Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir
Bailiúchán d’obair agus de thionscadail an pháiste
Próifílí curaclaim
Trialacha diagnóiseacha
Trialacha caighdeánaithe.
Dírbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste
Sonrú leanúnach agus tabhairt faoi deara atá i gceist le dírbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste. Is í seo an uirlis mheasúnaithe is coitianta atá in úsáid ag múinteoirí i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge. Bíonn measúnú neamhfhoirmiúil ar shnáitheanna an churaclaim ar siúl ag an múinteoir i rith na gceachtanna Gaeilge. Ba chóir chomh maith úsáid theagmhasach neamhfhoirmiúil na Gaeilge a mheasúnú.
Tabharfaidh an múinteoir cumas éisteachta agus tuisceana an pháiste faoi deara nuair
- a úsáideann sé/sí an Ghaeilge mar theanga bhainisteoireachta an ranga
- a thugann sé/sí treoracha go neamhfhoirmiúil sa rang
- a chuireann sé/sí ceist ar an bpáiste.
Beidh tionchar ag an gcumas éisteachta agus tuisceana ar chumas labhartha an pháiste. Tabharfaidh an múinteoir scileanna cumarsáide, comhoibrithe agus comhréitithe an pháiste faoi deara freisin
- in obair ghrúpa agus i dtionscadail ranga
- in obair bheirte.
Beidh an múinteoir ag faire amach do na bunstraitéisí agus scileanna sa léitheoireacht agus sa scríbhneoireacht.
- An aithníonn sé/sí focal?
- An mbaineann sé/sí brí as an téacs?
- An mbaineann sé/sí taitneamh as an scéal?
- An roghnaíonn an páiste leabhar Gaeilge go fonnmhar?
- An bhfuil an páiste in ann scríobh go simplí ag leibhéal a oireann dá (h)aois?
- An ndéanann an páiste féincheartú nuair a úsáideann sé/sí míleid?
Agus obair i ngrúpaí nó i mbeirteanna ar siúl bíonn an múinteoir mar chomhairleoir, ag tabhairt na hearráidí nó na deacrachtaí a bhíonn ag na páistí faoi deara. Bunaíonn sé/sí na cuspóirí don chéad cheacht eile ar an diagnóis a rinneadh de bharr an dírbhreathnaithe, seachas cur isteach ar líofacht na bpáistí ag an am. Is féidir torthaí an mheasúnaithe seo a chlárú go neamhfhoirmiúil, agus cabhraíonn sé le measúnú suimitheach agus le próifíl an pháiste a chur le chéile.
Tascanna agus trialacha deartha ag an múinteoir
Is féidir leis an múinteoir trialacha agus tascanna éagsúla a úsáid chun cumais na bpáistí a mheasúnú. Buntáiste a bhaineann leis na trialacha a chumann an múinteoir ná go mbeidh siad oiriúnach ó thaobh an chur chuige atá in úsáid go coitianta sa cheacht Gaeilge. Beidh tús áite ag tascanna idirghníomhacha sna ceachtanna Gaeilge, agus mar sin ba chóir go mbeadh an idirghníomhaíocht chun tosaigh sna trialacha. San iomlán ba chóir go mbeadh an measúnú ag teacht le haidhmeanna agus le cuspóirí ginearálta an churaclaim, le polasaí na scoile agus le cuspóirí an chláir theagaisc.
Ba cheart tascanna ilchineálacha a chumadh a dhéanfaidh cumas tuisceana agus cumarsáide an pháiste a mheasúnú i gceithre shnáithe an churaclaim. Orthu sin beidh
- leanúint treoracha chun gníomh a dhéanamh, mar shampla ‘deir Ó Grádaigh’
- leanúint treoracha chun ceard a dhéanamh nó chun páipéar a fhilleadh
- cluichí agus tascanna éisteachta mar bingo, críochnaigh an pictiúr agus tarraing an pictiúr
- freagra a thabhairt ar éisteacht le scéal, dán, nó amhrán ó bhéal nó taifeadta
- gníomhaíochtaí ina gcomhlíonfaidh an páiste na feidhmeanna teanga, mar shampla caidreamh sóisialta a dhéanamh agus soiléiriú a lorg
- cluichí cumarsáide mar ‘Aimsigh na difríochtaí’ agus ‘Cé mhéad?’ chun eolas a fháil agus a roinnt agus chun ceisteanna a chur agus a fhreagairt
- cluichí struchtúrtha mar chluiche ‘Kim’, ‘Cá bhfuil sé?’ ‘Cá bhfuil tú ag dul?’ agus ‘Fiche ceist’
- rólghlacadh agus drámaíocht chruthaitheach sa rang
- scéal a thuar ón teideal nó scéal a chríochnú
- scileanna treoshuímh clé-deas agus ó bharr go bun an leathanaigh
- cluichí le cártaí meaitseála
- aithint na bhfocal nua mar aonad, tógáil agus briseadh focal
- úsáid leideanna ón gcomhthéacs, ón morfeolaíocht agus ón gcomhréir
- taifeadadh de scéal a leanúint sa leabhar
- ardscileanna na léitheoireachta a úsáid chun brí a bhaint as téacs a roghnaíonn an páiste
- cleachtaí peannaireachta mar scrábadh, leanúint patrún, tarraingt pictiúr
- cóipeáil
- forlíonadh abairtí agus alt
- cártaí poist, nótaí agus dialanna
- scéalta in ord, tuairiscí agus aistí gearra.
Bailiúchán d’obair agus de thionscadail an pháiste
Má chuireann an múinteoir samplaí d’obair an pháiste i mbailiúchán ó thús deireadh na bliana beidh léiriú ann ar an dul chun cinn atá á dhéanamh aige/aici. B’fhiú pictiúir a tharraing an páiste mar thoradh ar thuiscint treoracha béil a chur ann chomh maith le hobair láimhe agus cártaí d’ócáidí difriúla. D’fhéadfaí taifeadadh d’obair ghrúpa a léireodh cumas cumarsáide an pháiste a choimeád. Beidh scileanna léitheoireachta agus scríbhneoireachta i gceist le cluichí boird, crosfhocail agus tóirfhocail a dhear an páiste. Athraítear na tascanna chun go mbeidh cuntas le fáil ar scileanna tuisceana agus cumarsáide an pháiste.
Má bhíonn comhoibriú i gceist le tionscadal grúpa is féidir achoimre scríofa ar léitheoireacht a rinneadh, pictiúir a bailíodh le lipéid orthu, pictiúir a tarraingíodh nó aon eolas eile atá ag teastáil chun cuspóir an tionscadail a chomhlíonadh a chur isteach sa bhailiúchán. Is féidir scileanna difriúla an ghrúpa a úsáid i dtionscadal: daoine atá in ann cóipeáil go néata, tarraingt, taifeadadh a dhéanamh, agallamh a chur ar dhaoine le ceisteanna, suirbhé a dhéanamh, ceistiúchán a líonadh nó achoimre ar an obair a scríobh. Is bealach an-mhaith é an tionscadal chun scileanna na gceithre shnáithe sa churaclam Gaeilge a chomhtháthú le chéile. B’fhéidir go mbeadh deacracht ag an múinteoir má bhíonn go leor den obair shamplach seo le coimeád. Is féidir smaoineamh ar bhealaí éagsúla chun é sin a dhéanamh, mar shampla grianghraif, físeáin, taifeadadh, agus obair scríofa a choimeád ar dhiosca.
Próifílí curaclaim
Is féidir struchtúrú níos foirmiúla a dhéanamh ar dhírbhreathnú an mhúinteora ar an bpáiste trí úsáid a bhaint as próifílí curaclaim. Is é atá i bpróifílí curaclaim ná léiriú ar dhul chun cinn, iompar agus dearcadh an pháiste i leith foghlaim na Gaeilge. Is féidir caighdeánú a dhéanamh orthu do ranganna éagsúla agus do shnáitheanna an churaclaim Ghaeilge.
Tríd an measúnú gheobhaidh an múinteoir léargas ar chumas foghlaim teanga an pháiste, is é sin an próiseas foghlama. Tugann sé/sí faoi deara má bhíonn an páiste sásta dul sa seans sa chumarsáid nó le téacs éisteachta nó léitheoireachta, nó cé na straitéisí cúitimh a úsáideann sé/sí nuair nach bhfuil focal nó nath cainte ar eolas aige/aici (geáitsí, focal Béarla). Feictear má bhíonn sé/sí in ann tús a chur le comhrá agus é a choimeád ar siúl, nó brí a bhaint as giota léitheoireachta agus scríbhneoireachta ag leibhéal oiriúnach a dhéanamh. Trí phróifíl churaclaim gheobhaidh an múinteoir pictiúr iomlán d’ábaltacht an pháiste: pictiúr a shíneann óna c(h)umas i leith foghlaim na teanga go dtí a c(h)umas cumarsáide, is é sin toradh na hoibre sa rang.
Trialacha diagnóiseacha
Cabhraíonn trialacha diagnóiseacha leis an múinteoir laigí ar leith i bhforbairt theanga an pháiste a aithint. Má tá an páiste ar gcúl tugann an measúnú diagnóiseach cabhair don mhúinteoir an fáth a bhfuil sé/sí ar gcúl a dhéanamh amach go cruinn, is é sin má bhíonn deacrachtaí fuaimnithe, labhartha nó léitheoireachta ag páiste ag aois áirithe. Chuirfeadh réimse trialacha diagnóiseacha gairmiúla go mór le próiseas an mheasúnaithe sna scoileanna.
Trialacha caighdeánaithe
Is féidir feidhm a bhaint as dhá shaghas trialacha oibiachtúla: trialacha critéarthagartha agus trialacha normthagartha. Oireann trialacha critéarthagartha má tá an múinteoir ag iarraidh dul chun cinn an pháiste i leith cuspóirí áirithe a mheasúnú. Oireann trialacha normthagartha má tá an múinteoir ag iarraidh comparáid a dhéanamh idir an dul chun cinn atá á dhéanamh ag páiste ina rang féin leis an dul chun cinn ar an meán atá á dhéanamh ag páiste eile sa rang céanna i scoileanna eile ar fud na tíre. Chuirfeadh réimse trialacha caighdeánaithe gairmiúla go mór le próiseas an mheasúnaithe sna scoileanna.
Cothromaíocht sa chóras measúnaithe
Má bhíonn ceangal soiléir idir na cuspóirí foghlama agus an cur chuige sa rang ón tús, bíonn an múinteoir níos cinnte faoin toradh a bhfuil súil aige/aici leis. Caithfear na trialacha foirmiúla nó na tascanna neamhfhoirmiúla a dháileadh ar bhealach nach dtógfaidh rómhór ón am teagaisc.
Clárú agus dáileadh eolais
Beidh measúnú fhoghlaim na Gaeilge ag teacht le polasaí measúnaithe nascoile i leith na n-ábhar uile. Beidh an t-eolas a bhaileofar úsáideach don pháiste, don mhúinteoir, do thuismitheoirí nó chaomhnóirí agus don scoil. Is mór an chabhair teicneolaíocht an eolais a úsáid chun torthaí an mheasúnaithe a chlárú agus a choimeád.
Cárta próifíle an dalta
Bailítear eolas ó mheasúnú rialta an pháiste, agus is féidir é a choimeád ar chárta próifíle an dalta. Coimrítear an t-eolas a fhaigheann an múinteoir ón dírbhreathnú ar an bpáiste agus mar thoradh ar na tascanna agus na trialacha a dhearann sé/sí féin ar an gcárta sin. Is féidir cur síos ar scileanna tuisceana agus cumarsáide an pháiste agus freisin ar a scileanna sóisialta agus conas a oibríonn sé/sí le páistí eile in obair bheirte nó le grúpa páistí i dtionscadal nó i rólghlacadh le grúpa.