Primary Schools

Gaeilge

Teanga bheo chumarsáide í an Ghaeilge. Is cuid dár n-oidhreacht í agus is í an ghné is sainiúla den chultúr Gaelach í. Cuireann foghlaim na Gaeilge ar chumas an pháiste teagmháil níos dlúithe a dhéanamh leis an gcultúr sin. Is í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann agus tá stádas bunreachtúil aici.

Curaclam na Gaeilge

Is ar úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga bheo chumarsáide a leagtar béim sa churaclam seo. Cuireann foghlaim na Gaeilge le cumas cumarsáide an pháiste i gcoitinne agus forbraíonn sí a scileanna cumarsáide i dteanga bhreise. Cothaíonn sé sin féinmheas agus muinín sa pháiste agus cuirtear le forás cognaíoch, mothúchánach agus samhlaíoch an fhoghlaimeora. Chomh maith leis sin cuireann foghlaim na Gaeilge ar chumas an pháiste eolas a chur ar chultúr, ar litríocht, ar sheanchas agus ar amhránaíocht na tíre.

Féachann an curaclam le freastal a dhéanamh ar pháistí uile na tíre trí aitheantas a thabhairt don éagsúlacht timpeallachta atá acu. Cuireann sé san áireamh freisin cúinsí ar leith an pháiste aonair agus nach ionann an éirim ó thaobh foghlaim teanga de atá ag páistí éagsúla. Ba chóir go mbeadh taitneamh le baint as an ábhar foghlama chun go spreagfaí na páistí chun an Ghaeilge a úsáid mar ghnáth-theanga chumarsáide agus chun go mbeadh dearcadh dearfach acu ina leith.

Tá an curaclam bunaithe ar chur chuige cumarsáideach. Tá an phríomhbhéim ar an gcumarsáid san ábhar teagaisc agus foghlama agus i modhanna múinte na gceachtanna Gaeilge. Is iad móraidhmeanna an chur chuige seo ná go mbeadh an páiste in ann úsáid a bhaint as an teanga chun cuspóirí cumarsáide a bhaint amach agus go mbeadh deiseanna aige/aici an Ghaeilge atá á foghlaim a úsáid go rialta i ngnáthchaint an lae. Tá an curaclam páistelárnach, ag díriú ar ghánna an pháiste agus ar a f(h)orbairt iomlán; beidh an teanga ag leibhéal an pháiste agus taitneamhach dó/di. Tá sé tábhachtach go mbeadh an páiste gníomhach sa cheacht Gaeilge, is é sin gníomhaíochtaí teanga a bheith ar siúl, tascanna le déanamh agus fadhbanna le réiteach trí Ghaeilge. Faoin múinteoir a bheidh sé comhthéacsanna réalaíocha a chruthú i suíomh an tseomra ranga agus na scoile chun fíorchumarsáid a chur ar siúl.

Déanann an curaclam seo freastal ar na cineálacha difriúla scoileanna atá ann. Tugtar aitheantas do scoileanna na Gaeltachta agus do na scoileanna lán-Ghaeilge; is í an Ghaeilge gnáth-theanga chumarsáide na scoileanna sin agus teanga theagaisc na n-ábhar go léir seachas Béarla. Aithnítear na scoileanna ina múintear an Ghaeilge mar dhara teanga (scoileanna T2); is é an Béarla an teanga theagaisc ar an iomlán i scoileanna T2 ach múintear gnéithe eile den churaclam trí mheán na Gaeilge uaireanta. Moltar an Ghaeilge a úsáid mar mheán cumarsáide go neamhfhoirmiúil i gcomhthéacs an tseomra ranga agus na scoile de réir mar a oireann.

Leagan amach agus struchtúr an churaclaim

Tá an curaclam Gaeilge roinnte ina dhá chuid: an chéad chuid do scoileanna T2 agus an dara cuid do scoileanna Gaeltachta agus lán- Ghaeilge. Tá an t-ábhar teagaisc agus foghlama roinnte ar cheithre rangghrúpa: ranganna na naíonán, ranganna 1 agus 2, ranganna 3 agus 4 agus ranganna 5 agus 6. Tugtar foramharc ar an ábhar teagaisc agus foghlama i léaráid ag tús cláir gach rang-ghrúpa. Tá leathanach pleanála ina dhiaidh sin a chabhróidh leis an múinteoir na gnéithe éagsúla den ábhar teagaisc agus foghlama a shníomh le chéile.

Aithnítear nach bhfuil na scoileanna go léir sna haicmí éagsúla thuas mar a chéile ó thaobh teanga de. Níl sé i gceist go gcuirfí teorainn ar bith le forbairt na teanga i scoileanna T2 má tá na tosca oiriúnacha ann chun an caighdeán is airde a bhaint amach. Ar an taobh eile, tharlódh nach bhféadfaí gach cuspóir atá molta a bhaint amach i ngach scoil Gaeltachta agus lán-Ghaeilge i ngeall ar chúlra teanga na bpáistí.

Snáitheanna an churaclaim

Tá ábhar teagaisc agus foghlama an churaclaim Ghaeilge eagraithe faoi cheithre shnáithe:

  • Éisteacht
  • Labhairt
  • Léitheoireacht
  • Scríbhneoireacht.

Tá na snáitheanna sin scartha óna chéile sa churaclam ach beidh siad comhtháite chomh minic agus is féidir sa cheacht Gaeilge. Tá gach snáithe acu roinnte ina shnáithaonaid. Roinntear an t-ábhar teagaisc agus foghlama ar na snáithaonaid agus tugtar eispéiris foghlama lenar féidir cuspóirí an ábhair sin a bhaint amach. Tá grádú déanta ar ábhar teagaisc agus foghlama na snáitheanna ó rang go rang agus do na cineálacha difriúla scoileanna.

Éisteacht

Níl aon cheist faoi thábhacht na héisteachta i sealbhú teanga. Mar gheall air sin is tréimhse an-tábhachtach iad na blianta tosaigh a chaitheann an páiste óg ag éisteacht lena t(h)uismitheoirí agus le daoine eile ag caint sa bhaile. Is é seo an chaoi a bhfoghlaimíonn an páiste Gaeilge sna teaghlaigh ina labhraítear mar ghnáth-theanga í.

Éisteacht neamhfhoirmiúil gan dualgas í seo, agus is cóir feidhm a bhaint as an bpróiseas céanna chun an Ghaeilge a shealbhú i scoileanna T2. Cloiseann an páiste cuid mhaith cainte go neamhfhoirmiúil i rith an lae—i gcaidreamh sóisialta leis an múinteoir agus i dteanga bhainisteoireachta an ranga. Éisteann an páiste leis an nGaeilge mar theanga theagaisc sa cheacht Gaeilge agus le treoracha an mhúinteora chun tascanna a dhéanamh. Tuigeann sé/sí brí na cainte sin ón gcomhthéacs, ó gheáitsí, ó thuin chainte agus ó bhealaí eile mínithe a úsáideann an múinteoir.

Is féidir cluas an pháiste a oiliúint trí éisteacht go foirmiúil i rith ceachta ina ndírítear go háirithe ar scil na héisteachta. Cruthaíonn an múinteoir suímh agus comhthéacsanna ina léireoidh an páiste a t(h)uiscint ar bhrí na cainte trí idirghníomhaíocht. Is é sin an bhrí atá le héisteacht i gcomhthéacs na cumarsáide—go dtuigeann an páiste agus go léiríonn sé/sí an tuiscint sin. Éisteann an páiste freisin leis an múinteoir ag insint scéalta agus ag aithris rann nó dánta. Baineann an múinteoir úsáid as ábhar taifeadta chomh maith, mar shampla amhráin, míreanna ón raidió, nuacht agus aimsir. Cé go bhfuil béim ar an éisteacht sa snáithe seo tiocfaidh na snáitheanna eile, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht, i gceist freisin, agus comhtháthaítear iad ar bhealaí éagsúla sna tascanna a bheidh le déanamh.

Labhairt

Tá béim an-láidir á cur ar labhairt na Gaeilge sa churaclam. Mar sin, is é an cumas cumarsáide an sprioc is tábhachtaí atá le baint amach ag an bpáiste. Is fearr a fhoghlaimeoidh an páiste an Ghaeilge má bhíonn taitneamh le baint aisti agus dearcadh dearfach á chothú. Nuair a bhíonn an t-ábhar foghlama spéisiúil bíonn fonn ar an bpáiste an Ghaeilge a fhoghlaim. Déanfar na snáitheanna eile a chomhtháthú le labhairt i ngníomhaíochtaí agus i dtascanna a mbeidh cuspóir cinnte acu. Beidh leibhéil chumais dhifriúla i gceist sna rang-ghrúpaí éagsúla agus sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus i scoileanna T2.

Laistigh den seomra ranga beidh na páistí á mealladh chun an Ghaeilge a labhairt agus chun taitneamh a bhaint as an gceacht Gaeilge, trí chluichí teanga, rólghlacadh i suímh shamhlaíocha, agus i ndrámaíocht. I scoileanna T2 ba chóir go mbeadh deis ag na páistí labhairt go simplí faoi na topaicí a bhfuil spéis acu féin iontu, labhairt fúthu féin agus faoina dteaghlaigh agus faoina gcairde. Beidh deis acu iad féin a chur in iúl agus a dtuairimí a nochtadh, agus cuirfear ar a gcumas cabhair a lorg nuair nach bhfuil an focal nó an frása ceart acu.

I scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge beidh fíorchumarsáid i nGaeilge ar siúl sna ceachtanna go léir seachas an Béarla. Beidh seans ag an bpáiste plé agus díospóireacht a dhéanamh, páirt a ghlacadh in agallaimh bheirte, agus seiftiú a dhéanamh. Beidh sé ar chumas an pháiste tús a chur le comhrá faoi ábhair a bhaineann lena s(h)aol agus an comhrá sin a choimeád ar siúl. Tabharfar deis dó/di an Ghaeilge a labhairt le daoine i dteaghlaigh áirithe agus i suímh dhifriúla taobh amuigh den scoil, go háirithe má tá cónaí ar an bpáiste sa Ghaeltacht.

Léitheoireacht

Faigheann an páiste léargas eile ar an saol trí mheán na léitheoireachta, agus is cuid an-tábhachtach den eispéaras foghlama í. Is scil ghabhchumais í an léitheoireacht a úsáidimid ní hamháin chun eolas a fháil ach ar son an phléisiúir agus an taitnimh freisin. Is foinse luachmhar teanga í don Ghaeilgeoir dúchais agus don fhoghlaimeoir araon.

Cé gur scil ghabhchumais í an léitheoireacht go bunúsach, ní hionann sin agus a rá nach mbíonn an páiste gníomhach sa phróiseas. Bíonn sé/sí i ngleic leis an téacs ag iarraidh brí a bhaint as, agus é/í i mbun léitheoireachta.

Déantar forbairt chórasach ar scileanna na réamhléitheoireachta i scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ag tosú i ranganna na naíonán. Ar na scileanna sin tá treoshuíomh clé–deas, aithint patrún, agus meaitseáil focal agus pictiúr. Moltar gan tosú ar léitheoireacht fhoirmiúil sa dá theanga ag an am céanna i scoileanna lán-Ghaeilge agus Gaeltachta. Ba cheart i gcónaí fanacht go mbíonn an páiste réidh don léitheoireacht agus bunús maith faoina c(h)umas cainte. Sa tréimhse ullmhúcháin treiseofar scileanna labhartha an pháiste. Éistfidh an páiste leis an múinteoir ag léamh os ard as leabhair oiriúnacha thaitneamhacha, agus ar an mbealach sin cothófar dúil sa léitheoireacht ann/inti. Is féidir leabhair scéalaíochta agus téacsanna simplí Gaeilge, mar shampla lipéid aitheantais, a bheith ar taispeáint sa seomra ranga. De ghnáth ní thosófar ar léitheoireacht na Gaeilge go foirmiúil roimh rang 2 i scoileanna T2. Faoin am sin beidh bunús maith ag an bpáiste i léitheoireacht an Bhéarla agus b’fhéidir go dtarlódh méid áirithe den traschur scileanna.

Cuirtear béim sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ó thosach agus i scoileanna T2 ó na meánranganna ar aghaidh ar scileanna léitheoireachta níos airde. Ina measc sin tá cineál an téacs a aithint (cárta Nollag, iris, dán), brí a bhaint as téacs, teachtaireacht nó eolas a fháil uaidh, agus focail nua a thomhas ón gcomhthéacs nó ón gcomhréir. Bíonn scileanna breise i gceist freisin, mar shampla réamhinsint ón teideal nó ón bpictiúr ar an gclúdach, comparáid idir an réamhinsint agus an scéal féin, agus dul sa seans chun scéal a chríochnú. Tá sé i gceist an Léitheoireacht a fhí isteach agus a chomhtháthú leis na snáitheanna eile.

Scríbhneoireacht

Is tríd an scríbhneoireacht a bhreacaimid síos ár gcuid smaointe i riocht buan, a dhéanaimid forbairt agus soiléiriú orthu, a roinnimid iad le daoine eile chun eolas a thabhairt dóibh, agus chun mothúcháin a spreagadh iontu. Ba chóir go mbeadh an páiste ag giniúint teanga agus ag déanamh cumarsáide le léitheoir fíor nó samhalta nuair a bhíonn sé/sí ag scríobh agus go mbunófaí scríbhneoireacht an pháiste ar a c(h)uid eispéireas.

Go hiondúil bíonn cleachtaí réamhscríbhneoireachta agus peannaireachta ar siúl ón tús sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge: scrábadh agus patrúin á gcríochnú, treoshuíomh clé–deas á chleachtadh i ngaineamh agus ar pháipéar, dathú agus tarraingt. I ngach cineál scoile beidh deis ag na páistí tabhairt faoi chleachtaí scríbhneoireachta Gaeilge: peannaireacht, cóipeáil agus forlíonadh abairtí nó ailt. Beidh béim ar nótaí, ar theachtaireachtaí agus ar ailt ghairide a scríobh agus ar dhialann a choimeád. Beidh idirdhealú á dhéanamh idir théacsanna difriúla: tuairisc, cur síos, scríbhneoireacht fheidhmiúil agus scríbhneoireacht chruthaitheach. Tosófar ar an scríbhneoireacht Ghaeilge i rang 2 i scoileanna T2.

Aithnítear gur próiseas í an scríbhneoireacht a dtagann forás air de réir a chéile le cleachtadh faoi stiúir. Cabhraíonn an múinteoir leis an bpáiste cuma níos fearr a chur ar a c(h)uid scríbhneoireachta. Má dhéanann an páiste athdhréachtú beidh sé/sí níos sásta lena c(h)uid iarrachtaí ansin. Tarlaíonn comhtháthú leis na snáitheanna eile sa réamhobair, i nginiúint na smaointe agus in athdhréachtú an ábhair.

Teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide

Is féidir teicneolaíocht an eolais agus na cumarsáide a úsáid i múineadh agus i bhfoghlaim na Gaeilge. Tá cleachtadh ag páistí ar an ríomhaire agus is féidir leo an áis seo a úsáid chun cluichí a imirt nó chun teacht ar eolas, graificí nó léarscáileanna trí scimeáil ar an idirlíon agus an t-eolas a thraschur agus a úsáid i bhfoghlaim na Gaeilge. Tá gréasáin Ghaeilge ar féidir le páistí eolas a fháil uathu, agus d’fhéadfaí ceangal a dhéanamh le léitheoireacht fheidhmiúil na Gaeilge chomh maith le cur le heolas an pháiste. Is féidir éisteacht le múinteoir Gaeilge sa seomra ranga fíorúil agus glórtha difriúla a chloisteáil trí úsáid na teicneolaíochta sin.

Is saoráid fhiúntach é an ríomhaire pearsanta i bpróiseas na scríbhneoireachta. Is féidir é a úsáid mar áis chun píosa scríbhneoireachta a chur in eagar agus a leagan amach go slachtmhar. Chomh maith leis sin is féidir feasacht teanga agus eolas ar chultúir eile a leathnú trí scríobh chuig páistí i scoileanna na hEorpa nó i dtíortha eile má bhíonn ríomhphost le fáil sa scoil.

Cur chuige cumarsáideach

Sa churaclam seo tá an bhéim ar an gcumarsáid. Tá cumarsáid i gceist sna ceithre shnáithe, san ábhar teagaisc agus foghlama agus sna modhanna múinte a úsáidfear. Bíonn an múinteoir ag súil le forbairt ar chontanam cumarsáide ó thréimhse réamhchumarsáide go tréimhse cumarsáide go tréimhse iarchumarsáide.

Ar dtús, sa tréimhse réamhchumarsáide leagtar an bhéim ar fhoghlaim foclóra agus gramadaí, ar athrá ceisteanna nó cluichí struchtúrtha. Ansin, sa tréimhse cumarsáide bíonn béim ar chomhrá, ar chluichí teanga, ar sheiftiú agus ar úsáid na teanga i rólghlacadh. Sa tréimhse iarchumarsáide téitear siar ar ábhar an cheachta, déantar anailís ar an teanga, agus féachtar leis an eolas a thraschur go tascanna nó go cluichí eile. Is próiseas ciorclach é leanúnachas na dtréimhsí cumarsáide, agus is féidir ceacht a thosú le ceann ar bith acu. Tuigtear gurb é an rud is tábhachtaí ná na páistí a chur ag caint agus ag déanamh cumarsáide chomh luath agus chomh minic agus is féidir.

The communcation continuum

Is iad na gnéithe is suntasaí de chur chuige cumarsáideach ná:

  • díriú ar ghánna an pháiste, is é sin na rudaí ba mhaith leis/léi a rá agus an méid den teanga a bhfuil gá leis a roghnú chun é sin a dhéanamh
  • an t-ábhar teagaisc agus foghlama a bheith páistelárnach agus taitneamhach, is é sin go mbeadh dlúthbhaint ag na téamaí, na topaicí agus an teanga le saol an pháiste
  • comhthéacsanna réalaíocha a úsáid, is é sin go n-úsáidfeadh an páiste an Ghaeilge i suíomh an tseomra ranga agus na scoile
  • an páiste a bheith gníomhach san fhoghlaim, tascanna á ndéanamh agus cuspóir cinnte a bheith ag an gceacht
  • ionchur a fháil ó stór focal, ó struchtúir ghramadaí agus ó agallaimh réamhullmhaithe mar ullmhúchán don tsaoirse cainte a bheidh ag an bpáiste sa tasc
  • feidhmeanna teanga a chomhlíonadh, mar shampla slán a fhágáil, ceist a chur ar dhuine, freagra a thabhairt, mianta agus mothúcháin a léiriú
  • bearna eolais a bheith le líonadh, mar shampla páiste ag críochnú pictiúir ó threoracha páiste eile a bhfuil eolas níos iomláine aige/aici
  • an bhéim a bheith ar úsáid chuí na teanga, is é sin go mbeadh tuiscint éigin ag an bpáiste go mbíonn úsáid na teanga ag brath ar a ról féin agus ar rólanna na ndaoine eile sa chomhrá
  • cumarsáid a bheith mar sprioc le gach ceacht Gaeilge agus na ceithre scil teanga, éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht, a bheith comhtháite lena chéile a oiread agus is féidir
  • rogha éigin a bheith ag an bpáiste faoin ábhar foghlama
  • glacadh le hearráidí mar chuid den phróiseas foghlama agus an páiste a spreagadh chun dul sa seans go minic.

Na feidhmeanna teanga

Is é is ciall le feidhm teanga ná an úsáid a bhaineann duine as an teanga chun cuspóir éigin cumarsáide a bhaint amach, mar shampla mian a chur in iúl, rud a iarraidh, cuireadh a thabhairt, cead a lorg nó easpa taitnimh a léiriú. Is féidir feidhm amháin—easpa taitnimh a léiriú—a chomhlíonadh trí úsáid a bhaint as eiseamláirí difriúla teanga: mar shampla, ‘Ní maith liom borgairí!’ nó ‘Is fuath liom borgairí!’ nó ‘Tá an ghráin agam ar bhorgairí!’ Bíonn níos mó ná feidhm amháin i gceist go hiondúil in aon chomhrá Gaeilge. Mar shampla, tá feidhm faoi leith i gceist chun tús a chur le comhrá, ansin feidhm eile chun ceist a chur, agus ceann eile chun tuairim a léiriú nó deireadh a chur le comhrá san aon idirghníomhaíocht amháin.

Tagann athrú ar na heiseamláirí a úsáidtear i gcomhlíonadh na feidhme, ag brath ar chuspóir agus ar ról an chainteora agus ar an suíomh ina bhfuil sé/sí. Beannaíonn páiste le ‘Haigh’‘Haló’ le cara ach deir sé/sí ‘Dia duit!’ le duine fásta. Is féidir leis an bpáiste na feidhmeanna teanga a chomhlíonadh i suímh fhírinneacha dhifriúla sa Ghaeltacht, i dteaghlaigh Ghaelacha agus sa scoil. Is féidir iad a chomhlíonadh freisin i suímh insamhlaithe, cuir i gcás i rólghlacadh agus i ndrámaíocht.

Beidh na feidhmeanna teanga i gceist i ngach snáithe den churaclam: Éisteacht, Labhairt, Léitheoireacht agus Scríbhneoireacht. Rangaítear iad i sé chatagóir feidhmeanna:

  • Caidreamh sóisialta a dhéanamh
  • Eolas a thabhairt agus a lorg
  • Dearcadh a léiriú agus a lorg
  • Dul i gcion ar dhuine
  • Struchtúr a chur ar chomhrá
  • Soiléiriú a lorg i gcomhrá.

Tá na sé chatagóir feidhmeanna sin roinnte ina mionfheidhmeanna. Tugtar eiseamláirí de na mionfheidhmeanna seo do scoileanna T2 i dtábla anseo. Ní féidir ach treoir an-ghinearálta a thabhairt faoi líon agus faoi ghrádú na n-eiseamláirí a bheidh le húsáid ag na páistí, agus tá sé seo déanta do scoileanna T2. Tá liosta eile eiseamláirí do na scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge ar leathanaigh 80–84. Beidh gá ag an bpáiste sna scoileanna sin leis an raon iomlán feidhmeanna atá roghnaithe.

Na téamaí

Tá deich gcinn de théamaí atá spéisiúil don pháiste liostaithe sa churaclam: mé féin, sa bhaile, an scoil, bia, an teilifís, siopadóireacht, caitheamh aimsire, éadaí, an aimsir agus ócáidí speisialta. Tá baint ag na téamaí go léir le saol an pháiste agus leis na daoine a ndéanann sé/sí teagmháil leo go laethúil. Cruthaíonn na téamaí comhthéacs do mhúineadh eiseamláirí de na feidhmeanna teanga sa cheacht Gaeilge. Ní miste don mhúinteoir go leor topaicí a roghnú as na téamaí. Is féidir leis an múinteoir na topaicí seo a leathnú chun ábhar atá spéisiúil don pháiste a chur san áireamh freisin.

Ábhar teagaisc agus foghlama

Baintear úsáid as na gníomhaíochtaí san ábhar teagaisc agus foghlama chun eiseamláirí de na feidhmeanna teanga a mhúineadh i gcomhthéacs na dtéamaí. Mar shampla, sa téama ‘an scoil’ beidh deis ag an bpáiste ‘soiléiriú a lorg’ trí ‘cheist a chur’ leis an eiseamláir ‘Cad é an focal Gaeilge ar …?’ Tá tascanna agus gníomhaíochtaí foghlama liostaithe faoi na ceithre shnáithe do gach rang-ghrúpa.

Modheolaíocht

Ní modh múinte atá i gceist le cur chuige cumarsáideach, ach chun cumarsáid a chur i ngníomh go héifeachtach caithfear réimse modhanna múinte a úsáid. Is féidir leis an múinteoir na modhanna a fheileann do na gnéithe difriúla den chur chuige dar leis/léi a roghnú. Pé ar bith cén modh a úsáideann an múinteoir tá sé intuigthe gurb í an Ghaeilge teanga theagaisc an cheachta Ghaeilge.

Gaeilge neamhfhoirmiúil

Moltar an Ghaeilge a úsáid go feidhmiúil i rith an lae taobh amuigh den cheacht Gaeilge. Is féidir an Ghaeilge a úsáid sa scoil agus sa seomra ranga mar theanga chaidrimh agus mar theanga bhainisteoireachta. Seo í an teanga a úsáideann an múinteoir agus an páiste chun teachtaireacht a thabhairt, ceist a chur, eolas nó cabhair a lorg agus mothúchán a léiriú. Úsáidtear í freisin chun gnáthriachtanais chumarsáide agus shóisialta a chomhlíonadh—beannú, slán a fhágáil, leithscéal a ghabháil, soiléiriú a lorg agus míniú a thabhairt. Ar an mbealach seo is féidir leis an bpáiste cuid mhaith Gaeilge a shealbhú i rith an lae trí éisteacht leis an múinteoir. Chomh maith leis sin beidh seans aige/aici an teanga a úsáideann sé/sí chun na feidhmeanna a chomhlíonadh sa cheacht foirmiúil Gaeilge a chleachtadh go neamhfhoirmiúil sa chaint.

An Ghaeilge i ngnéithe eile an churaclaim

Bealach eile leis an nGaeilge a shealbhú agus a fhoghlaim ná í a úsáid i múineadh ábhar eile an churaclaim. Tá sé seo ar siúl ar an mórchóir sna scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge. Moltar do scoileanna T2 an Ghaeilge a úsáid i snáitheanna áirithe d’ábhair eile, mar shampla corpoideachas, ceol agus na hamharcealaíona, agus ábhair eile a roghnódh an scoil. Tugtar smaointe ag bun gach snáithe sa churaclam Gaeilge i gcomhair comhtháthú na n-ábhar eile le múineadh na Gaeilge.

Feasacht teanga

Is é is brí le feasacht teanga ná aire agus tuiscint an pháiste a dhíriú ar an nGaeilge, ar phatrúin éagsúla laistigh den Ghaeilge féin, agus ar na cosúlachtaí agus ar na difríochtaí atá idir an Ghaeilge agus an Béarla agus idir an Ghaeilge agus teangacha eile.

Ba chóir géarchúis an pháiste a dhúiseacht i leith na teanga ina t(h)impeallacht. Is féidir suim a chothú i sloinnte agus i logainmneacha agus ina mbrí. Aithneoidh an páiste focail Ghaeilge i mBéarla na hÉireann agus i dtíortha eile (galore, colleen, clan). Tabharfaidh siad suntas do phatrúin áirithe ag deireadh focal Gaeilge, mar shampla san aimsir fháistineach agus san uimhir iolra. Chomh maith leis sin tá mórdhifríochtaí comhréire idir an Béarla agus an Ghaeilge le tabhairt faoi deara, mar shampla go dtosaíonn an abairt shimplí Ghaeilge le briathar agus an abairt shimplí Bhéarla le hainmfhocal.

Sa bhreis air sin is féidir an páiste a threorú chun smaoineamh níos doimhne a dhéanamh ar an nGaeilge mar a labhraítear í sa Ghaeltacht. Is féidir díriú freisin ar fhocail iasachta ó theangacha eile agus ar na hathruithe a thagann orthu sa Ghaeilge. Níor mhiste díriú ar sheanfhocail agus ar shamhlacha chomh maith.

Is cuid den fheasacht teanga é eolas a chur ar ghramadach na Gaeilge, agus is cóir comhthéacsanna oiriúnacha a chruthú d’úsáid na gramadaí. Tugann cluichí teanga comhthéacs d’úsáid na teanga, agus is cluichí gramadaí iad cuid de na cluichí atá á moladh sa churaclam seo. Cé go mbíonn an cruinneas mar sprioc i gcónaí ní cóir go mbeadh síorcheartú botún ar siúl ach go nglacfaí go foighdeach le hearráidí an pháiste agus é/í ag iarraidh cumarsáid a dhéanamh.

Feasacht cultúir

Tá sé tábhachtach go bhfaigheadh an páiste tuiscint ar ghnéithe d’fheasacht chultúr na hÉireann, is é sin eolas ar oidhreacht na hÉireann (nádúrtha agus tógtha), ar chluichí Gaelacha, ar cheol, ar rincí agus ar an traidisiún béil agus scríofa. Cuirfear san áireamh cultúr na tíre nach mbaineann go díreach leis an nGaeilge, cultúr páistí áirithe atá ag freastal ar an mbunscoil in Éirinn faoi láthair, agus cultúr cuid de thíortha na hEorpa chomh maith.

Is féidir an obair seo a dhéanamh ar bhonn níos leithne sa Ghaeltacht. Tá tábhacht ag baint leis an traidisiún béil, agus ba chóir do pháistí scoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge eolas éigin a chur ar nósanna agus ar phiseoga, ar sheanamhráin agus amhráin nuachumtha, ar lúibíní, ar rainn thraidisiúnta, ar dhánta, agallaimh bheirte agus scéalta dúchasacha.

Dátheangachas

Is í an Ghaeilge príomhtheanga na Gaeltachta agus tá sí féin agus an Béarla ina n-orlaí trí shaol na hÉireann uile. Fiú amháin sna háiteanna nach bhfuil an Ghaeilge mar ghnáth-theanga tá sí le sonrú i sloinnte na ndaoine agus sna logainmneacha—ainmneacha na mbailte móra, na n-aibhneacha, na sléibhte agus na lochanna. Is minic rian na Gaeilge le haithint ar Bhéarla labhartha na hÉireann—sna nathanna agus i ndul na cainte.

Múintear an Ghaeilge ní hamháin mar ábhar sna scoileanna ach mar theanga bheo chumarsáide. Gné shuntasach d’oideachas na tíre seo ná go bhfoghlaimíonn páistí bunscoile dhá theanga ó thús na scolaíochta. Beidh tacaíocht na sochaí agus phobal uile na scoile ag teastáil má tá na páistí chun an éagsúlacht urlabhra atá sa tír seo a chaomhnú.

Cabhraíonn an dátheangachas le forbairt chognaíoch agus shóisialta an pháiste. Cuirtear ar a c(h)umas dearcadh breise a bheith aige/aici ar an saol. Cuirtear ar a c(h)umas dul i ngleic le dhá chorás foclóra, dhá chóras gramadaí agus dhá chóras fuaime. Cabhraíonn sé sin leis an bpáiste teacht ar thuiscint dhifriúil ar an saol, mar shampla le smaoineamh dibhéirseach, le forbairt coincheapa agus le foghlaim teangacha eile ar ball.

Measúnú

Is cuid lárnach den phróiseas teagaisc agus foghlama é an measúnú. Tá rannóg ag deireadh an churaclaim seo ina ndéantar cur síos ar na bealaí éagsúla atá ann chun Gaeilge an pháiste a mheasúnú. Tá réimse uirlisí measúnaithe ann chun cabhrú le múinteoirí súil oilte a choimeád ar dhul chun cinn an pháiste i bhfoghlaim na Gaeilge. Roinnfidh an múinteoir an t-eolas a bhaileoidh sé/sí mar thoradh ar an measúnú ar na tuismitheoirí mar chuid den chomhiarracht chun Gaeilge an pháiste a neartú.

Aidhmeanna

Is iad aidhmeanna an churaclaim Ghaeilge ná

  • úsáid na Gaeilge mar ghnáth-theanga chumarsáide a chur chun cinn
  • dearcadh dearfach i leith na Gaeilge agus spéis agus dúil inti a chothú
  • taitneamh a bheith le baint as foghlaim na Gaeilge
  • cumas éisteachta agus labhartha an pháiste a fhorbairt agus a m(h)uinín chun an Ghaeilge a úsáid a chothú
  • cumas léitheoireachta agus scríbhneoireachta an pháiste a chothú ag leibhéil a oireann dó/di féin agus don chineál scoile
  • éisteacht, labhairt, léitheoireacht agus scríbhneoireacht a fhorbairt ar bhealach comhtháite
  • feasacht teanga agus feasacht cultúir a chothú
  • cúram a dhéanamh d’fhorbairt shóisialta, chognaíoch, mhothúchánach, shamhlaíoch agus aeistéitiúil an pháiste
  • cur le líofacht, le cruinneas foghraíochta agus le saibhreas teanga an pháiste.

Cuspóirí ginearálta

Agus leibhéil éagsúla cumais agus cúinsí ar leith á gcur san áireamh, ba chóir go gcuirfeadh an curaclam Gaeilge ar chumas an pháiste

  • an Ghaeilge a shealbhú mar thoradh ar ionchur taitneamhach ó thús na foghlama
  • taitneamh a bhaint as rainn, dánta, amhráin rithimiúla, imeartas focal, rabhlóga agus drámaí
  • a c(h)umas cumarsáide a fhorbairt trí chluichí teanga agus tascanna
  • na scileanna teanga a fhorbairt de réir a chéile trí ábhar teagaisc agus foghlama comhaimseartha atá tarraingteach agus spreagúil a úsáid
  • éisteacht go neamhfhoirmiúil agus brí a bhaint as caint nó as comhrá nach bhfuil sé/sí páirteach ann
  • éisteacht ghníomhach a fhorbairt trí thascanna agus trí chluichí éisteachta beirte agus i ngrúpaí
  • páirt a ghlacadh i gcomhrá faoi thopaicí a bhfuil spéis aige/aici féin iontu
  • an Ghaeilge a úsáid i gcomhthéacsanna éagsúla chun caidreamh sóisialta a dhéanamh
  • tuiscint a fháil ar ghramadach na Gaeilge trí úsáid a bhaint as an teanga i gcomhthéacsanna réalaíocha
  • scileanna éagsúla na léitheoireachta a fhoghlaim i gclár réamhléitheoireachta
  • scileanna na léitheoireachta a fhorbairt trí ábhar taitneamhach a léamh
  • straitéisí éagsúla tuisceana a fhorbairt trí chleachtaí agus cluichí léitheoireachta
  • téacsanna gairide pearsanta agus cruthaitheacha a scríobh
  • tuiscint a fháil ar phróiseas na scríbhneoireachta trí athdhréachtú a dhéanamh
  • an ríomhaire pearsanta a úsáid i gcomhair na scríbhneoireachta agus chun eolas a fháil
  • foghlaim trí Ghaeilge in ábhair eile an churaclaim
  • gnéithe comónta agus difriúla idir theangacha a thuiscint trí fheasacht teanga a chothú
  • an Ghaeilge agus cultúr na hÉireann a shuíomh taobh le taobh le cultúir éagsúla na hEorpa
  • forbairt chognaíoch agus theangeolaíoch a aithint mar thoradh ar fhoghlaim na Gaeilge.
 
NCCA, 24 Merrion Square, Dublin 2, Telephone: +353 1 661 7177, Fax: +353 1 661 7180, E-mail: info@ncca.ie