Cláir na hArdteistiméireachta
Aidhmeanna Agus Prionsabail
1. Isiaidh mghinearálta an oideachais oibriú ar mhaithe le forbairt a dhéanamhar gach gné den duine aonair, ag cur san áire amhfor ás aistóitiúil, cruthaitheach, léirmheastach, cultúrtha, mothúchánach, tromciallach, intleachtúil, morálta, fisiceach, polaitiúil, spioradálta agus sóisialta, le haghaidh a shaoil phearsanta agus baile, le haghaidh an tsaoi| oibre agus le haghaidh maireachtála i measc an phobail agus le haghaidh caitheamh aimsire.
2. Cuirtear cláir na hArdteistiméireachta i láthair taobh istigh den aidhm ghinearálta seo, le béim ar leith ar mhic léinna ullmhú le haghaidh na riachtanas atá ann i leith breisoideachais agus breisoiliúna, le haghaidh fostaiochta agus le haghaidh an ról a bheidh acu mar shaoránaigh rannpháirteacha, fhiontracha.
3. Tá sé mar aidhm ag cláir uile na hArdteistiméireachta leanúnachas agus dul chun cinn ó chláir An Teastais Shóisearaigh a chur ar fáil, leis an gcothromafocht chuí idir forás pearsanta agus forás sóisialta (forás morá|ta agus spioradálta san áireamh), idir staidéar gairme agus ullmhúchán le haghaidh breisoideachais agus le haghaidh an tsaoil oibre agus aosaigh. Is féidir go mbeadh athrú ar an ualú coibhneasta a thugtar do na gnéithe seo de réir an chláir áirithe a ghlactar.
4. Tá na cláir faoina mbronntar an Ardteistiméireacht á dtairiscint i dtri chineál:
(i) Clár na hArdteistiméireachta
(ii) Clár Feidh meach don Ardteistiméireacht
(iii) Clár Gairme don Ardteistiméireacht
5. Leagann cláir uile na hArdteistiméireachta béim ar thábhacht:
- foghlaim féinstiúrtha agus smaointeoireacht neamhspleách
- meon fiosraithe, smaointeoireacht chriticiúil, fadhbréiteach, féintuilleamai, tionscaint agus fiontrafocht.
- ullmhúchán do bhreisoideachas agus don saol aosach agus oibre.
6. Clár na hArdteistiméireachta (CNA)
Tá sé mar aidhm ag an gclár seo:
- a chur ar chumas mac léinn a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach i dtacalena bhforás pearsanta, sóisialta, intleachtúil agus gairmiúil.
- mic léinn a ullmhú don ról a bheidh acu mar shaoránaigh atá gniomhach agus rannpháirteach
- mic léinn a ullmhú chun dul ar aghaidh chuig breisoideachas, oiliúint nó fostaiocht.
Cuireann sé oideachas leathan, cothrom ar fáil do mhic léinn cé g o gceadaitear roinnt speisialtóireachta. Déantar siollabais a sholáthar i raon leathan ábhar. Déantar ábhair uile na hArdteistiméireachta a thairiscint ag Gnáthleibhéal agus ag Ardleibhéal. Ina theannta sin, déantar Matamaitic agus Gaeilge a thairiscint freisin ag Bonnleibhéal.
Is féidir feidhm a bhaint as gnóthachtáil mac léinn i gClár na hArdteistiméireachta chun crfche roghndcháin i gcás breisoideachais, fostaíochta, oiliúna agus ardoideachais.
7. An Clár Feidhmeach don Ardteistiméireachta (CFDA)
Is clár ar leith é a leanann ar feadh dhá bhliain agus atá ceaptha do na mic léinn úd nach mian leo dul ar aghaidh dfreach chuig oideachais trfú leibhéil nó dóibh siúd nach bhfuil freastal cul á dhéanamh ara gcuid riachtanas, barrmhian agus infheidhmeachta i gcláir elle na hArdteistiméireachta.
Tá tri phríomhghné i struchtúr An Chláir Fheidhmigh don Ardteistiméireacht-gnéithe atá comhghaolmhar agus ag brath ar å chéile:-
- Gairmullmhúchán
- Gairmoideachas
- Oideachas Ginearálta
Tá taith foideachasúil de chineál gniomhach, praiticiúil agus mac léinn-lárnach ag baint leis.
8. An Clár Gairme Don Ardteistiméireacht (CGDA)
Tá sé mar aidhm ag an gclár, go háirithe:
- meon fiontraiochta agus tionscnaimh a chothú sna daltaí
- forbairt a dhéanamh ar scileanna idirphearsanra, gairmiúla agus teicneolaiochta.
Déanann mic léinn CGDA staidéar ar iosmhéid de chúig ábhar Ardteistiméireachta (ag Ardleibhéal, Gnáthleibhéal nó Bonnleibhéal), Gaeilge agus dhá ábhar ó ghrúpai ábhar gairmiúla atá sonraithe san áireamh. Tá orthu freisin cúrsa aitheanta i Nuatheanga Eorpacha a ghlacadh, seachas Gaeilge nó Béada. Ina theannta sin glacann mic léinn tri Mhodúl Nasctha a sholáthraionn comhleanúnachas curaclaim don CGDA.