Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Creat Corpoideachais na Sraithe Sinsearaí

Is é aidhm an chorpoideachais sa tsraith shinsearach cumas an fhoghlaimeora a fhorbairt chun páirt a ghlacadh i gcorpoideachas agus i ngníomhaíocht choirp go muiníneach agus go heolach. Mar gheall ar an bhfoghlaim san oideachas fisiciúil, méadaíonn an duine óg a thaitneamh, a mhuinín agus a inniúlacht i réimse gníomhaíochtaí coirp.

 

Ó mhí Mheán Fómhair 2020, glacfaidh an Creat nua ionad na dtreoirlínte atá leagtha amach sna Rialacha agus sna Cláir do Mheánscoileanna.  Ní mór an deis a thabhairt do gach scoláire sa tsraith shinsearach staidéar a dhéanamh ar Chorpoideachas ar bhealach éigin.

D'fhéadfadh sé sin a bheith trí shonraíocht Corpoideachais na hArdteistiméireachta nó tríd an gCreat Corpoideachais sa tSraith Shinsearach, nó iad araon.