Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

An Innealtóireacht

Is éard is ábhar d'Innealtóireacht na hArdteistiméireachta staidéar ar an innealtóireacht mheicniúil sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas. Foghlaimíonn scoláirí na scileanna is gá chun tionscadail teicneolaíochta a phleanáil, a fhorbairt agus a chur i gcrích ar shlí shábháilte, agus an tionscnaíocht chun tabhairt fúthu. Cuirtear an bhéim ar sheiftiúlacht, ar chruthaitheacht agus ar dhearadh, agus tionscadail teicneolaíochta á bpleanáil agus á bhforbairt. Dhá phríomhréimse staidéir atá ann: próisis cheardlainne, agus ábhair agus an teicneolaíocht.

Ar dhá leibhéal a dhéantar an innealtóireacht a mheasúnú – Gnáthleibhéal agus Ardleibhéal – le scrúdú scríofa, tionscadal agus scrúdú praiticiúil.