Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Ceimic

Féachtar i gCeimic na hArdteistiméireachta le cúrsa ábhartha a sholáthar do scoláirí nach rachaidh níos faide ná an leibhéal seo leis an gceimic, agus ag an am céanna, bonnchúrsa a sholáthar dóibh siúd a leanfaidh den cheimic nó d'ábhair ghaolmhara tar éis na hArdteistiméireachta. Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.

Athruithe ar Shiollabas Ceimice na hArdteistiméireachta (I Meán Fómhair 2013)

Tá ceartuithe déanta ar shiollabas ceimice na hArdteistiméireachta de dhroim cosc ar shubstaintí a d'ainmnigh an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán mar Shubstaintí ar Údar Mór Imní iad. Níl aon athrú ar ábhar teoiriciúil an tsiollabais. Tá ceartú déanta ar cheithre cinn de na turgnaimh éigeantacha. Ceartaíodh trí cinn díobh chun nach gá substaintí coiscthe a úsáid iontu agus leathnaíodh ceann amháin eile nár ghá substaint choiscthe a úsáid ann le cinntiú nár athraíodh an méid obair phraiticiúil iomlán sa siollabas.

Ciorclán 0072/2016

Ciorclán 0047/2013

Gheofar treoracha teagaisc ar gach ceann de na turgnaimh phraiticiúla ceartaithe anseo