Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Gnó na hArdteistiméireachta

Tá tús le forbairt sonraíocht nua do Ghnó na hArdteistiméireachta.

Íomhá de ciúbanna tógála

Tugann Gnó na hArdteistiméireachta léargas do scoláirí ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht gnó, agus cothaíonn sé iontu dearcadh dearfach eiticiúil i leith na fiontraíochta. Cabhair is ea an próiseas foghlama sa ghnó chun smaointeoireacht chriticiúil, scileanna cruthaitheacha agus scileanna eagraíochtúla a fhorbairt sna daltaí, mar aon le scileanna litearthachta agus uimhearthachta a fheabhsú. Tugann an gnó bunsraith foghlama do dhaltaí a chuireann ar a gcumas gairm bheatha a roghnú as raon leathan gairmeacha sa ghnó, sa mhargaíocht, sa dlí, san fhiontraíocht agus sa bhainistíocht.

Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.