Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

An Chuntasaíocht

Tá an comhairliúchán ar an gCáipéis Eolais agus Treoir don athbhreithniú ar Cuntasaíocht na hArdteistiméireachta oscailte anois

Close up image of a person holding and pen and using a calculator

Tugann Cuntasaíocht na hArdteistiméireachta an t-eolas, an tuiscint agus na scileanna cuntasaíochta agus bainistíocht airgeadais is gá chun go mbeidh ar chumas scoláirí cuntais phearsanta agus bunchuntais cuideachta a bhainistiú. Tríd an méid a fhoghlaimíonn siad sa chuntasaíocht, forbraítear a gcumas chun rudaí a eagrú agus smaoineamh go loighciúil, agus sealbhaíonn siad scileanna pleanála agus fadhbréitigh a bheidh úsáideach feasta ina saol pearsanta, ag an obair agus chun staidéar a dhéanamh. Forbraíonn siad scileanna uimhearthachta, leis, i gcomhthéacs gnó agus fiontair. Ceapadh an siollabas seo do scoláirí sa tsraith shinsearach den iar-bhunoideachas agus measúnaítear é ag an nGnáthleibhéal agus ag an Ardleibhéal.