Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Forbhreathnú ar an gcursa

Tá an tsonraíocht do ghearrchúrsa fealsúnachta seo na sraithe sóisearaí bunaithe ar dheich snáithe: 

overview of course diagram

Snáithe 1: Snáithe bunúsach is ea bunús chun tabhairt faoin bhfealsúnacht, dírithe ar an bhfealsúnacht a chur i láthair an scoláire den chéad uair agus na scileanna éisteachta, comhoibrithe agus smaointeoireachta a thógáil atá ríthábhachtach le go mbeadh an scoláire rannpháirteach sna snáitheanna eile. Féadfaidh múinteoirí roghnú snáithe 1 a theagasc mar shnáithe scoite, ag tús an chúrsa, nó is féidir é a chomhtháthú thar na snáitheanna. Cuirfear na scileanna bunúsacha ar a ndírítear i snáithe 1 i bhfeidhm agus forbrófar i rith an ghearrchúrsa iad. 

Mar aon le snáithe 1, roghnóidh múinteoirí ceithre cinn ar bith díobh seo a leanas:
Snáithe 2: Fealsúnacht an eolais
Snáithe 3: Fealsúnacht na teanga
Snáithe 4: Fealsúnacht na healaíne
Snáithe 5: Fealsúnacht an spóirt
Snáithe 6: Fealsúnacht na heolaíochta agus na teicneolaíochta
Snáithe 7: Fealsúnacht mhorálta
Snáithe 8: Fealsúnacht shóisialta agus pholaitiúil
Snáithe 9: Fealsúnacht an oideachais
Snáithe 10: Fealsúnacht an reiligiúin

Cuirtear snáitheanna 2 go 10 i láthair mar shnáitheanna roghnacha agus féadfaidh múinteoirí ceithre shnáithe a roghnú, ag brath ar na topaicí a bhfuil suim ag an múinteoir agus an scoláire iontu. Ní gá na snáitheanna seo a theagasc in aon ord ar leith.
Féadfaidh múinteoirí chomh maith a dtopaicí féin don fhiosrúchán fealsúnachta a shainaithint agus a fhorbairt ag baint leas as an gcur chuige atá leagtha amach in Aguisín 2. D’fhéadfaí é sin a úsáid in ionad ceann de na ceithre snáitheanna.

Léiríonn an Measúnú Rangbhunaithe ar a dtugtar breac chuntas sa chuid measúnaithe den tsonraíocht seo an fhoghlaim a dhéanfaidh an scoláire sa ghearrchúrsa seo. Féadfaidh an scoil aon ghearrchúrsa ó CNCM a chur in oiriúint dá riachtanais shonracha féin agus do chomhthéacs na scoile. Má tá an cúrsa á chur in oiriúint, féadfaidh sé go mbeidh ar scoileanna an Measúnú Rangbhunaithe a chur in oiriúint freisin ionas go léireoidh sé an fhoghlaim ar thug a scoláirí faoi. Féadfaidh scoileanna a ngearrchúrsa(í) féin agus Measúnú Rangbhunaithe gaolmhar a fhorbairt. Tá treoirlínte d’aon scoil ar mian léi a gearrchúrsa(í) féin a fhorbairt ar fáil ar shuíomh gréasáin an CNCM.
Ailínítear na torthaí foghlama sa ghearrchúrsa seo go ginearálta leis na táscairí leibhéil le haghaidh Leibhéal 3 den Chreat Náisiúnta Cáilíochtaí (Aguisín 1).
Tá an gearrchúrsa fealsúnachta deartha le haghaidh timpeall 100 uair an chloig de rannpháirtíocht scoláirí.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.