Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha

Tá an comhairliúchán poiblí mar chuid den Athbhreithniú ar léargais luath ar na sonraíochta um Litearthachta sna Meáin Dhigiteacha na sraithe sóisearaí oscailte anois.

íomhá CNCM réamhshocraithe

Bíonn daoine óga ag cruthú agus ag comhroinnt meán i dtimpeallacht dhigiteach chun cumarsáid agus plé a dhéanamh lena chéile agus leis an domhan trí chéile, agus is gné é sin den chumarsáid atá ag éirí níos tábhachtaí ná riamh. Bíonn siad go gníomhach ag ionramháil meáin dhigiteacha chun páirt a ghlacadh sa saol sóisialta agus cultúrtha, chun a gcuid suimeanna a leanúint agus chun iad féin a chur in iúl ar líne. Trí staidéar a dhéanamh ar an ngearrchúrsa seo i Litearthacht sna Meáin Dhigiteacha, foghlaimeoidh scoláirí conas teicneolaíocht dhigiteach a úsáid chun dul i mbun fiosrúchán féinstiúrtha, chun roghnú idir iliomad foinsí eolais agus chun bheith rannpháirteach go sábháilte agus go héifeachtach i dtimpeallacht ar líne.