Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht agus Aidhm

Réasúnaíocht

Cuidíonn Oideachas Saoaránach, Sóisialta agus Polaitiúil (OSSP) le scoláirí scileanna a fhorbairt a bheidh ag teastáil uathu le cur go dearfach le sochaí dhaonlathach agus le maireachtáil inbhuanaithe a chur chun cinn. Tugann sé tuiscint dóibh ar struchtúir shóisialta, eacnamaíocha agus pholaitiúla ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda, agus an deis bealaí a shamhlú agus a chruthú inar féidir leo difear a dhéanamh do shaol daoine agus pobal. Cuireann OSSP le heispéiris foghlama ghaolmhara sa bhunoideachas. Cuidíonn sé le scoláirí a bhfuil ar siúl sa domhan a cheistiú, a léirmheas agus a mheasúnú; tugann sé tuiscint do scoláirí ar a gcearta an duine agus a bhfreagrachtaí sóisialta; spreagann sé scoláirí le machnamh ar conas todhchaí níos inbhuanaithe a chruthú do chách; cothaíonn sé feasacht ar cad is ciall le maireachtáil go freagrach i ndaonlathas; agus an rud is tábhachtaí, cuireann sé saoránacht ghníomhach mhachnamhach ag croílár an phróisis foghlama trí dheis a thabhairt do scoláirí gníomh a dhéanamh agus tionchar a imirt maidir le saincheisteanna áitiúla, náisiúnta agus domhanda.

Is cuid thábhachtach an OSSP de chlár folláine laistigh den tsraith shóisearach nó cuireann sé ar a gcumas do scoláirí a bhfeasacht a mhéadú ar conas atá a bhfolláine nasctha le folláine daoine eile, go háitiúil agus go domhanda. Forbraíonn sé freisin tuiscint an scoláire ar fhreagracht ar fholláine daoine eile.

Aidhm

Tá sé mar aidhm ag an ngearrchúrsa eolas, spreagadh, cumas agus ábaltacht a thabhairt do dhaoine óga páirt a ghlacadh mar shaoránaigh ghníomhacha sa tsochaí chomhaimseartha ag leibhéal áitiúil, náisiúnta agus domhanda, bunaithe ar thuiscint ar chearta an duine agus ar fhreagrachtaí sóisialta.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.