Skip to content

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

3 Comhairliúchán ar dréachtsonraíochtaí na hArdteistiméireachta

Foghlaim Tuilleadh

Réasúnaíocht

In oideachas a fhéachann le tacú le forbairt an duine iomláin agus í a chothú is rud bunúsach é bheith ag foghlaim faoi agus trí na healaíona. Cuireann feasacht ar na healaíona, páirtíocht iontu agus léirthuiscint orthu ar chumas scoláire dul i dteagmháil le saol saibhir cruthaitheachta, samhlaíochta agus nuálaíochta (Cairt na nEalaíon san Oideachas, 2012). Dearbhaíonn  Dearbhú Uilechoiteann um Chearta an Duine na Náisiún Aontaithe (Airteagal 27) na cearta ag atá ag gach duine ‘a bheith rannpháirteach i saol cultúrtha an phobail agus taitneamh a bhaint as na healaíona’.

Trí bheith rannpháirteach leis an gceol, tugtar deiseanna don scoláire scileanna nua a fhorbairt, agus leas a bhaint as a n-eispéiris roimhe sin ag an am céanna. Bíonn na heispéiris sin lárnach go minic dár bheith mar go bhfuil an ceol i ngach uile áit. Ón nóiméad a shaolaímid tagaimid isteach i saol ceoil. Luathnasc nádúrtha is ea an ceol idir naíonáin agus feighlithe. Léirítear le taighde idirnáisiúnta go mbíonn claonadh daonna ann ó luathmhíonna saoil páiste le freagairt don cheol agus a bheith rannpháirteach leis. Leis an gceol, is féidir leis na scoláirí iad féin a shá go hinleachtúil, go mothúchánach, go fisiciúil agus go cinéistéiseach san eispéireas foghlama. Gníomhaíochtaí comhoibríocha agus idirphearsanta is ea léiriú agus cumadóireacht an cheoil, ina bhforbraítear scileanna sóisialta trí smaointe, scileanna, nó uirlisí a roinnt. 

Is féidir leis an gceol timpeallacht a chur ar fáil don scoláire ina bhfuil sé sábháilte iniúchadh agus turgnamh a dhéanamh agus rioscaí cruthaitheacha a ghlacadh. Is féidir leis an scoláire a bheith i mbun foghlama leis an ábhar atá mealltach, spreagthach, dúshlánach, spreagúil, pléisiúrtha agus fuascailteach. Spreagtar an scoláire le comhoibriú i gcumadh smaointe agus i gcur i láthair na smaointe sin agus machnamh criticiúil a dhéanamh ar a gcuid saothair agus ar shaothar scoláirí eile. Trí éisteacht le ceol na scoláirí eile, agus é sin a mheascadh isteach ina smaointe féin, foghlaimíonn an scoláire conas a chruthaítear saothair cheoil. Trí thuiscint a bheith ag an scoláire ar conas saothair scoláirí eile a mheasúnú agus a léirmheas, foghlaimíonn siad an dóigh le bheith féinmhachnamhach agus le feabhas a chur ar a gcruthú ceoil féin.

Mar iarracht chruthaitheach, is féidir leis an gceol forbairt eispéireas samhlaíoch agus taiscéalaíoch a éascú, i gcás go soláthraítear an deis d’indibhidiúlacht agus do phearsantacht na scoláirí fás agus iad féin a chur in iúl. Trí staidéar a dhéanamh ar an gceol cuirtear deiseanna ar feadh an tsaoil ar fáil chun an tsamhlaíocht a fhorbairt ar bhealaí uathúla, trí bheith ag éisteacht le saothair choitianta agus neamhchoitianta, eolas agus tuiscint a fháil ar fhuaimeanna go hinmheánach, pictiúir nó scéalta fuaime a chruthú agus mothúcháin agus mothú a chur in iúl i bhfuaim. 

Tá sé spreagúil agus bríomhar an ceol a fhoghlaim ann féin agus tá sé ina ghníomhaíocht shásúil do dhaoine óga toisc gur gníomhaíocht theagmhálach í; bíonn an scoláire páirteach go hiomlán i ngníomhaíochtaí a bhaineann lena shaol agus a bhfuil ceangal acu lena shaol lasmuigh den seomra ranga. Cothaíonn an ceol na scileanna faoi leith a bhaineann leis an ábhar, agus réimse scileanna inaistrithe a fhéadfar a chur i bhfeidhm ar iarrachtaí aonair agus comhoibríocha eile. Trí ghluaiseacht, fuaim, siombail agus íomhá, trí beith rannpháirteach leis an gceol, is féidir smaointe cruthaitheacha daoine a aistriú go saothair léiritheacha a chuireann mothúcháin, cialla agus léirmhínithe do lucht éisteachta/féachana níos leithne.

Tá an ceol tábhachtach mar chatalaíoch chun caipiteal cultúrtha a fhorbairt sa scoláire aonair agus sa rang le chéile. Trí bheith bainteach le réimse gníomhaíochtaí ceoil agus páirt a ghlacadh iontu, is féidir linn a chinntiú go leanfaimid le saoránaigh a fhorbairt amach anseo a bheidh páirteach ó thaobh cultúir de, feasach ó thaobh cultúir de agus ceangailte ó thaobh cultúir de. Nuair a bhíonn an scoláire feasach ó thaobh cultúir de méadaíonn a thuiscint ar fhéiniúlachtaí cultúrtha náisiúnta agus idirnáisiúnta araon. Agus daonra atá ag éirí níos éagsúla agus níos iolraíche ann anois, spreagfaidh an tuiscint seo ar dhaoine eile trí lionsa cultúrtha an scoláire le forbairt mar shaoránaigh fhreagracha agus eiticiúla. 

Foinse is ea an ceol chun stair a thuiscint, a thagann leis an gcomhthéacs sóisialta agus cultúrtha agus leis an ré inar cruthaíodh é. Leis an gceol is féidir féiniúlacht chultúrtha tíre, meon na ndaoine nó smaointe na ndaoine aonair a bhfuil cónaí orthu ansin a léiriú. Leis an oideachas ceoil forbraíonn an duine óg feasacht agus léirthuiscint ar a dtimpeallacht agus ar a n-éiteas cultúrtha uathúil féin Trí pháirt a thabhairt don scoláire i gcúlra saibhir a thraidisiúin dhúchasaigh ceoil chomh maith le seánraí eile ceoil, cuireann an t-oideachas ceoil le heolas agus tuiscint scoláirí ar dhaoine eile, a réanna, a gcultúir agus a dtraidisiúin.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.